Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 20 March 2018

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Scéim Ghinearálta Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2017: Plé (Atógáil)

5:15 pm

Mr. Colm Ó Coisdealbha:

Feicimid é seo ag oibriú sa tslí atá leagtha amach sna ceannteidil féin, is é sin go leanfadh córas na scéimeanna ar aghaidh go dtí go dtagann na caighdeáin isteach. Tógaimid seirbhís éicint, b'fhéidir suíomhanna gréasáin, mar shampla. Tagann sé ar ais go dtí na seirbhísí. Faoi láthair tagann suíomhanna gréasáin nó seirbhísí ar líne faoi scéimeanna teanga. Tá chuile scéim difriúil. Tá cuid acu cosúil lena chéile agus tá cuid acu an-difriúil. Táimid ag rá go leagfaí síos caighdeán, le haghaidh seirbhísí ar líne mar shampla, agus is é seo an caighdeán seirbhíse a bheadh muid ag súil leis le haghaidh seirbhísí ar líne, idir chinn nua agus sheanchinn a athróidh thar tréimhse ama. Nuair a bheidh sé sin aontaithe agus socraithe, ní bheidh bailíocht ag aon ghealltanas a tugadh sa scéim teanga. Beidh an réimse seirbhísí sin anois clúdaithe ag caighdeán. Sa gcaoi céanna, bheadh seirbhísí ar líne, foilseacháin ar nós an tuarascáil a luaigh muid, foirmeacha iarratais agus an sórt sin reimsí seirbhísí clúdaithe i gcaighdeán thar tréimhse ama. Sular aontaítear sin, leanann bailíocht aon ghealltanais atá tugtha sa sceim teanga. Fanann sé seo i bhfeidhm go dtí go n-aontaítear caighdéan. Thóg sé dhá bhliain chun na rialacháin atá ann le haghaidh stáiseanóireachta, comharthaíochta agus mar sin de a chur i bhfeidhm. Tógann sé am chun dul tríd an bpróiseas. Caithfidh deis a bheith ag daoine comhairliúcháin agus tuairimí a thabhairt. A fhad is atá sé sin ag dul tríd an bpróiseas, go dtí go n-aontaítear Acht, fanann na gealltanais. Nuair a aontaítear caighdeán ní bheidh bailíocht ag an ngealltanas níos mó.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.