Oireachtas Joint and Select Committees
Tuesday, 20 March 2018
Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands
Scéim Ghinearálta Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2017: Plé (Atógáil)
5:05 pm
Mr. Rónán Ó Domhnaill:
Oifig na Coimisinéara Teanga féin. Tá taithí ann ag déanamh monatóireacht ar fheidhmiú Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 agus mar sin de agus tá na scileanna sin ag an bhfoireann le tabhairt faoin obair sin. Ó thaobh Ombudsman na Leanaí, mar shampla, tá dualgas leagtha síos ar an ombudsman ansin ó thaobh iniúchadh a dhéanamh ar reachtaíocht atá ag teacht chun cinn, féachaint cén tionchar a bheidh aige sin ar chúram agus ar chosaint leanaí. Ba cheart go mbeadh a leithéid ar fáil ó thaobh cosaint chearta teanga freisin.