Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 20 March 2018

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Scéim Ghinearálta Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2017: Plé (Atógáil)

5:05 pm

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent) | Oireachtas source

Nuair a bhí an dréacht-plean ann, ní raibh laistigh den rud iomlán ach alt beag bídeach faoin nGaeilge: sin an t-aon rud. Rinneamar go léir gearán, agus ansin bhí píosa breise i gceist. I bhfad níos tábhachtaí, ní raibh muid in ann díospóireacht a dhéanamh mar ní raibh leagan Gaeilge againn ar chor ar bith. Ag teacht ar ais arís, nuair a tháinig an finné os comhair an choiste, bhí trí phríomhmoladh i gceist aige. Dúirt an finné go mbeadh sé tarbhach dá mbeadh monatóireacht neamhspleách á déanamh ar fheidhmiú an pholasaí earcaíochta le tuarisciú rialta chuig coiste Oireachtais. An raibh Oifig na Coimisinéara Teanga i gceist ansin nó córas neamhspleách eile?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.