Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 20 March 2018

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Scéim Ghinearálta Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2017: Plé (Atógáil)

5:05 pm

Mr. Rónán Ó Domhnaill:

Dá mbeadh sé sin leagtha síos sa reachtaíocht d'fhéadfainn é sin a fhiosrú roimhré agus cur ar súile pé eagraíocht nó pé Roinn Rialtais atá ag forbairt na bpleananna seo go bhfuil dualgas orthu ó thaobh na reachtaíochta de, ó thaobh iad a bheith ar fáil i nGaeilge agus i mBéarla. Tá sé tábhachtach freisin - an smaoineamh atá taobh thiar den mholadh i ndáiríre - go bhfeicfinn ar na tuairiscí seo ina iomlán ag féachaint cén tionchar atá acu ó thaobh na Gaeilge de agus ó thaobh cur chun cinn na Gaeilge de sa Stát go ginearálta, seachas ar chúrsaí aistriúcháin. Ní hé sin a bhí i mo intinn ag an am, ach ó thaobh na beartais a bheadh istigh ann ó thaobh na Gaeilge de.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.