Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 20 March 2018

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Scéim Ghinearálta Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2017: Plé (Atógáil)

4:05 pm

Mr. Rónán Ó Domhnaill:

Gabhaim buíochas leis an gCathaoirleach. Chuir mé mo ráiteas tosaigh ar aghaidh chuig an gcoiste Dé hAoine agus glacaim leis go raibh sé curtha ar aghaidh chuig na baill agus ní léifidh mé amach an ráiteas tosaigh dá bharr sin. Labhróidh mé faoi chuid de na príomhphointí maidir leis na leasuithe atá molta ar Acht na dTeangacha Oifigiúla agus na ceannteidil agus an chaoi gur féidir é sin a fheabhsú nuair a bheidh an Bille féin á fhoilsiú amach anseo.

Ba mhaith liom ar dtús mo bhuíochas a ghabháil leis an gCathaoirleach agus leis an gcomhchoiste as an spéis atá léirithe acu san ábhar seo, agus an obair luachmhar atá á déanamh acu ó thaobh na gceannteideal, agus táim ag súil go mór leis an tuarascáil a léamh nuair a bheidh sé sin foilsithe amach anseo. Molaim arís a gcuid oibre. Molaim chomh maith, agus mhol mé ag an am é, na ceannteidil a foilsíodh maidir le hAcht na dTeangacha Oifigiúla. Bhí dhá athrú shuntasacha le brath sna ceannteidil. An chéad cheann ó thaobh cúrsaí earcaíochta ná gur aithníodh nach raibh an córas atá i bhfeidhm faoi láthair, le go sainaithneofaí poist i ranna Rialtais, ag oibriú mar ba chóir mar go raibh líon an-bheag post á sainaithint. Chuige sin tá sna ceannteidil go mbeadh earcaíocht 20% sa tseirbhís phoiblí amach anseo.

An dara rud ba shuntasaí ná gur socraíodh go ndearnadh cinneadh imeacht ó na scéimeanna teanga agus dul i dtreo córas caighdeáin chomónta d’eagrais éagsúla, ag brath ar an teagmháil a bheadh acu leis an bpobal. Agus d'fháiltigh mé agus fáiltím roimhe sin.

Maidir leis na ceannteidil go sonrach, ba mhaith liom iad a phlé mura mhiste leis an gcoiste ina thrí chuid ó thaobh cé na hathruithe atá ag teastáil, dar liom. I dtús tá roinnt soiléirithe ag teastáil, go mór mór i dtaobh an chórais earcaíochta agus leasú uimh. 9 faoin earcaíocht seo de 20%. Tá ceisteanna áirithe agam faoi sin, arbh fhiú féachaint orthu. Mar shampla, an mbeidh an 20% seo ag chuile ghrád? An mbeidh sé ag an tseirbhís phoiblí ina iomláine nó sa státchóras amháin? Cén tréimhse ama atá leagtha amach chun an 20% sin a bhaint amach?

Tá ceist freisin faoi chóras na gcaighdeán. Teastaíonn samplaí sonracha faoi céard iad na caighdeáin atá beartaithe ó thaobh an chórais seo agus cén chaoi agus cé leis a leagfar na caighdeáin sin.

Mar is eol don choise, an t-am seo anuraidh leag mé tuarascáil maidir le córas na scéimeanna teanga faoi bhur mbráid agus léiríodh ansin agus tugadh fianaise eolaíoch ansin faoi na fadhbanna a bhaineann leis an gcóras sin. Is maith an rud é go bhfuil cinneadh déanta ag an Rialtas imeacht ón gcóras sin. B'fhiú dom a rá freisin, ón am sin, go bhfuil scéimeanna fós á ndaingniú agus ag teacht faoi mo bhráid agus go bhfuil na laigí sin fós le brath i gcóras na scéimeanna teanga. Tabharfaidh mé sampla amháin de sin maidir le Comhairle Contae Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin. In 2007, sa chéad scéim teanga a bhí ag Comhairle Contae Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin, gealladh go mbeadh ball foirne amháin ar a laghad ag deasc eolais agus i ngach ceann de na leabharlanna atá faoi chúram na comhairle agus go gcuirfí córas i bhfeidhm chun go mbeadh seirbhís iomlán dhátheangach ar fáil ó chúig cinn dá rannóga faoi 31ú Iúil 2010. Tháinig sé sin, agus le deireanas rinneadh roinnt gearán le m'oifig nach raibh daoine in ann seirbhís i nGaeilge a fháil ón deasc eolais. Ansin daingníodh an dara scéim le Comhairle Contae Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin i mí Feabhra 2018 agus gealladh faoi dheireadh na scéime sin go mbeadh ball foirne ar a laghad ag an deasc eolais le Gaeilge. Is é seo in ainneoin go raibh a leithéid geallta sa scéim teanga in 2008 go dtiocfadh sé i bhfeidhm roimh dheireadh na scéime sin in 2010. Tá sé le feiceáil anois go bhfuil an rud céanna geallta in 2018 agus chomh maith leis sin go bhfuil an dara gealltanas, is é sin duine le Gaeilge a bheith ar fáil i gcúig ionad éagsúla de chuid na comhairle, imithe ar fad. B'shin sampla amháin den chaoi nach bhfuil an córas sin ag feidhmiú ar chor ar bith faoi láthair.

Chomh maith leis sin tá roinnt leasuithe ag teastáil ar chuid de na ceannteidil. Mar shampla, ó thaobh na n-ionad Gaeltachta a mbeadh an Ghaeilge mar theanga oibre, tá sé tábhachtach go mbeadh dáta sonrach luaite leis sin faoi cén uair a mbeadh an Ghaeilge mar theanga oibre.

Chomh maith leis an leasú sin, ó thaobh sceideal an Achta, áit a mbíonn na comhlachtaí poiblí luaite a thagann faoi scáth an Achta, níl aon uasdátú déanta air sin le blianta fada. Ba cheart go mbeadh sé sin á uasdátú go huathoibríoch ar nós Achtanna eile, mar shample, ar nós an Achta um Míchumas, An Achta Ombudsman agus mar sin de. Chuideodh sé sin le cúrsaí.

Tá roinnt forálacha breise ag teastáil freisin agus luaim feidhmeanna breise a thabhairt do m'oifig mar chuid díobh sin. Bhí tionchar nach beag agus bhí fáilte ag an gcoiste seo roimh an tráchtaireacht a rinne mé ar chóras na scéimeanna teanga. Bhí mé in ann an tráchtaireacht sin a dhéanamh mar gheall go bhfuil sé sin leagtha amach faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla, gur féidir an tráchtaireacht a dhéanamh ar fheidhmiú an Achta. Bheadh sé ina chabhair dá mbeadh feidhm bhreise san Acht ó thaobh tráchtaireacht a dhéanamh ar fhorálacha éagsúla a bhaineann le cúrsaí teanga maidir le reachtaíocht eile. Bheadh sé sin úsáideach ó thaobh leithéidí an choiste a chur ar an eolas faoi cheard atá ag tarlú ó thaobh chur chun cinn na Gaeilge, nó easpa chur chun cinn na Gaeilge i reachtaíocht éagsúil.

Chomh maith leis sin molaim go mbeinn in ann faireachán a dhéanamh ar fhorálacha eile nach mbaineann le hAcht na dTeangacha Oifigiúla faoi láthair, déanaim faireachán ar fhorálacha de chuid Acht na dTeangacha Oifigiúla ach níl an fheidhm ann ó thaobh faireachán a dhéanamh ar Achtacháin eile. Bheadh sé sin ina chabhair.

Faoina bhun sin ar fad, tá sé tábhachtach go mbeadh plean náisiúnta leagtha síos maidir le soláthar seirbhísí poiblí san Acht féin agus go dtabharfaidh stádas reachtúil dó sin.

Má fhéachaimid arís ar na cúiseanna gur theip ar chóras na scéimeanna, ba chóir dom a lua an tráth seo go bhfuil cinneadh déanta agam i bhfianaise a laghad gealltanas atá i go leor de na scéimeanna nach bhfuil sé i gceist agam monatóireacht a dhéanamh ar chur i bhfeidhm scéimeanna teanga níos mó. Tá feidhm orm faoin Acht monatóireacht a dhéanamh ar an Acht agus leanfaidh mé á déanamh sin: déanfaidh mé monatóireacht ar fhorálacha díreacha an Achta ó thaobh stáiseanóireachta, fógairtí, fógairtí taifeadta béil, agus comharthaíochta agus ar cháipéisí a bheith aistrithe go Gaeilge. Beidh mé ag fiosrú gearán, dar ndóigh, ach ó thaobh monatóireacht dhíreach a dhéanamh ar scéimeanna teanga, ní fheictear dom gur chun tairbhe na hoifige é nó chun tairbhe aon duine é i ndáiríre, faireachán díreach a dhéanamh orthu siúd mar gheall ar laige na ngealltanas atá iontu. Thug mé roinnt samplaí de chuid de na scéimeanna a daingníodh le píosa, agus arís tá na rudaí céanna ag teacht chun cinn go rialta iontu. Ó thaobh Chomhairle Contae Uíbh Fhailí, tá siad ag caint faoi a luaithe agus a bheidh acmhainní ar fail nó faoi réir na n-acmhainní riachtanacha; tá Comhairle Contae Shligigh ag caint faoi de réir ár n-acmhainní; tá Coláiste na Tríonóide ag rá de réir ár n-acmhainní agus tá an tSeirbhís Cúirteanna ag brath ar acmhainní. Tá sé an-deacair nó dodhéanta domsa, mar Choimisinéir Teanga, faireachán a dhéanamh ar a leithéidí sin nuair atá siad chomh coinníollach. Mar gheall air sin tá an cinneadh sin déanta agam.

Má fhéachaimid ar cén fáth gur theip ar an gcóras sin, bhí an smaoineamh taobh thiar den chóras go breá, ach i ndáiríre, is é atá ag teastáil ná go bhféachfadh an Stát ar cá bhfuilimid anois. Cá bhfuilimid ag iarraidh dul? Cá bhfuil na bearnaí sin? Cén chaoi a laghdóimid an bhearna chun teacht chuig an áit a bhfuilimid ag dul? Cé na hacmhainní daonna agus airgead atá ag teastáil chun é sin a dhéanamh? Mhol mé an plean seo sa tráchtaireacht do chóras na scéimeanna teanga anuraidh agus nuair a bheidh an Bille á dhréachtú ina iomlán agus ag dul trí Thithe an Oireachtais go mba cheart go mbeadh sé leagtha síos ansin go mbeadh an plean sin mar chuid de sin chun a chinntiú, nuair a bheidh na caighdeáin á dtabhairt isteach, nach i bhfolús a mbeadh sé sin ag tarlú agus go mbeadh siad mar chuid de phlean maidir le soláthar seirbhísí poiblí. Níl a leithéid ann, faoi láthair. Tá an straitéis fiche bliain don Ghaeilge ann faoi láthair, dár ndóigh, agus is maith ann é, ach níl an oiread sin nó mórán tagairt do sheirbhísí poiblí go ginearálta ansin. D'fhéadfaí é sin a fhorbairt agus a chur isteach sa Bhille féin. Ba mhór an chabhair a bheadh ansin freisin. Go raibh maith agaibh.