Oireachtas Joint and Select Committees
Tuesday, 20 March 2018
Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands
Scéim Ghinearálta Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2017: Plé (Atógáil)
5:05 pm
Mr. Rónán Ó Domhnaill:
An léamh a bheadh agam air ná gur plean é seo atá aontaithe ag an Rialtas, seachas moltaí. Dá bharr sin, nach dtagann sé faoi alt 10(a) go sonrach, ach go dtagann sé, ó thaobh an Roinn Tithíochta, Pleanála, agus Rialtais Áitiúil de go bhfuil dualgas sa scéim ó thaobh cáipéisí a bheith aistrithe go Gaeilge. Tagann an chuid sin den Acht, den tionscnamh 24, faoin dualgas ansin.