Oireachtas Joint and Select Committees
Tuesday, 20 March 2018
Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands
Scéim Ghinearálta Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2017: Plé (Atógáil)
5:05 pm
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail) | Oireachtas source
Dá gceapfainn go raibh amhras ar bith air, nach polasaí poiblí é, nó beartas phoiblí é an creatlach pleanála, ní shin an uchtaíocht a bheadh sa reachtaíocht mar ceapadh ag an am gurb é sin an ciall leis. Ní raibh amhras ar bith faoi agus mar a deireadh bhí sé fiafraithe ag an Ard-Aighne ag an am, agus fear an-cumasach a bhí ann. Rud eile a dúirt sé a bhí spéisiúil i gcomhthéacs an comhrá a bhí againn faoin mBunreacht ná go bhféadfadh plean a bheith níos laige ná an chéad phlean. Tá mise ag teacht chun an tuairim gur féidir le lucht dlí an dubh a chur ar an mbán ar aon lá den tseachtain.
No comments