Oireachtas Joint and Select Committees
Tuesday, 20 March 2018
Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands
Scéim Ghinearálta Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2017: Plé (Atógáil)
4:45 pm
Mr. Rónán Ó Domhnaill:
An rud atá mé a rá ná más rud é go mbeadh gealltanas sonrach luaite i scéim teanga, mar shampla scéim teanga Chomhairle Chontae na Gaillimhe a luaigh an Teachta, a bhain le hiarratas pleanála, mar shampla, nó aon rud mar sin, agus muna chuimsíodh na caighdeáin a dtiocfadh isteach an méid a bhí geallta sa scéim teanga, níor cheart go n-imeodh an gealltanas a bhí déanta sa scéim teanga.