Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 20 March 2018

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Scéim Ghinearálta Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2017: Plé (Atógáil)

4:45 pm

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail) | Oireachtas source

Caithfimid a bheith réalaíoch faoin rud seo. Tá triúr againn anseo. Tá an Comisinéir ina chónaí i nGaillimh thiar agus tá beirt againn a dhéanann ionadaíocht do Ghaillimh thiar. Nuair a théann daoine le Gaeilge ón nGaeltacht ag an údarás nó ag an Roinn labhraíonn siad Gaeilge. Níl bheinn chomh cinnte gur b'in an idirghabháil a bhíonn acu ar fad leis an gcomhairle contae nó an HSE taobh istigh den Ghaeltacht. Nílim ag caint ar taobh amuigh den Ghaeltacht ach ar na gcodanna de na heagraíochtaí sin atá ag feidhmiú in oifigí taobh istigh den Ghaeltacht. Ní labhraíonn mar ní bheifí cinnte go mbeadh Gaeilge ag an duine ar an dtaobh eile den fhón. Is dóigh go gcaithfimid a bheith réalaíoch faoi sin. Imíonn an reachtaíocht isteach sa bplean a thuigeann fíor-nadúr daoine agus an chaoi ina mbreathnaíonn an pobal ar eagraíochtaí.

Ach ag dul ar ais ag an rud a dúirt an Coimisinéir faoi caighdeáin, cuir i gcás, mar shampla, go mbeadh caighdeán leagtha síos do na gcontaetha a bhfuil Gaeltachtaí faoina gcúram go mbeadh duine ar fáil le seirbhísí pleanála a chur ar fáil trí Ghaeilge. Tá difríocht ollmhór idir Ráth Chairn agus Baile Ghib agus Conamara ó thaobh chomh forleathan agus a b'fhéadfaí a bheith ag súil go mbeadh seirbhísí thar oíche, mar tá ceann amháin i bhfad níos mó ná ceann eile. B'in an bua a ceapadh a bheith ag baint leis an bplean. Ceapadh go bhféadfaí a rá i gcás na Gaillimhe, mar shampla, ó tharla go bhfuil X% den phobal inniúil i nGaeilge nó go bhfuil critéir eile comhlíonta, beidh beirt nó triúr san oifig mhótarchánach, beidh duine san oifig pleanála, beidh duine sa rannóg tithíochta nó whatever. Bheadh i bhfad níos mó éilimh in áiteanna mar sin ná mar a bheadh in áit beag nó, mar shampla, i gcontae. Ansin i mBaile Átha Cliath d'fhéadfaí go mbeidh go leor éilimh ann freisin mar, tar éis go bhfuil céatadán na nGaeilgeoirí beag, tá líon na nGaeilgeoirí mór mar go bhfuil an pobal ollmhór.

Má chuirtear aisghairm ar chuid d'Acht, tá deireadh leis. Nuair a deirtear go bhfuil na caighdeáin ag teacht isteach, tá deireadh leis. An bhfuil an Coimisinéir cinnte nár cheart dúinn na caighdeáin a tabhairt isteach agus an cumas plean a éileamh a bheith fágtha, go mórmhór sa gcás go raibh Rialtas tugtha le deis a bhaint as féidearachtaí na bpleannana sa mhullach ar na caighdeáin mar go bhféadfaí rudaí sainiúla a bheith difriúil i gceantar amháin ná ceantar eile? Ní ghlacaim leis go gciallaíonn caighdeán gur rud forleathan é. Mar shampla tá caighdeán sa mBille cheana féin faoi fhógraíocht agus faoi chomharthaíocht. Níl an fhógraíocht déanta ach bhí an deis ann é a dhéanamh. Tá na bearta faoi chomharthaíocht, staiseanóireacht, litreacha a fhreagairt agus mar sin de, go héifeachtach, ina gcaighdeán. An idea a bhí faoin bplean ná go bhféadfaí rud éigin sonrach a leagan amach ach loic ar an Rialtas a rá lena Ranna Stáit agus na háisíneachtaí go bhfuil cinneadh Rialtais déanta go mbeidh minimum X, Y nó Z sna pleananna agus nach ghlacfar le haon phlean nach bhfuil siad ann. Beidh ar na Ranna agus áisíneachtaí plean a réiteach agus mura ndéanfaidh siad tiocfaidh an Aire air a bhfuil freagracht as an nGaeltacht ar ais ag bord ag Rialtas ag rá go bhfuil sé diúltaithe ag eagraíochtaí A, B, C agus D plean a réiteach ar an gcaighdeán a leag an Rialtas síos agus a d'aontaigh sé. Déarfadh an Rialtas leis an Aire sin go gcaithfidh sé nó sí treoir a thabhairt dóibh é a dhéanamh. Ar ndóigh, dá dtarlódh sé sin, ní bheadh go leor de na fadhbanna ann. An bhfuil an Coimisinéir fós a rá gur cheart fáil réidh leis an gcumas sin maidir leis na pleananna?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.