Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 20 March 2018

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Scéim Ghinearálta Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2017: Plé (Atógáil)

4:35 pm

Mr. Rónán Ó Domhnaill:

Ó thaobh cúrsaí reachtaíochta de, níl sa reachtaíocht ach cuid amháin den réiteach ar an bhfadhb.

Maidir leis an tráchtaireacht ar chóras na scéimeanna, an dara mholadh a bhí agam tar éis cúrsaí earcaíochta ná plean do sholáthar seirbhísí na Gaeilge agus tá sé sin luaite agam arís. An méid atá molta agam ná go mbeadh na seirbhísí atá mar thosaíocht ag an Stát a chur ar fáil trí Ghaeilge, na slite a bheartaítear chun na seirbhísí sin a chur ar fáil, na socraithe is gá chun na seirbhísí a chur ar fáil trí Ghaeilge sa Ghaeltacht, na hachmhainní, na h-aird do achmhainní daonna agus achmhainní airgeadais atá ag teastáil agus ansin an creat reachtaíochta a theastaítear le chur leis sin chomh maith. Tá nithe eile ann: go n-aithneodh an Stát céard atá ann faoi láthair, céard atá ag taisteál, céard atá sa lár a táimid ag iarraidh líonadh isteach agus céard iad na hachmhainní atá ag taisteál chun sin a dhéanamh agus go mbeidh sé sin leagtha amach go soiléir i bplean. Tá a leithéid déanta i gCeanada. Tá péire ansin ó Cheanada agus cuirfidh mé faoi iomráidh é go bhfeicfidh an coiste céard atá i gceist. Leagann siad amach go soiléir céard atá i gceist acu a dhéanamh ó thaobh plean do sholáthar seirbhísí. Bhí ceann ann anseo, forbairt agus nuálaíocht ár seirbhís poiblí 2020 ag Rialtas na hÉireann, ag deireadh na bliana seo caite. Is ansin gur cheart dó a bheith ach i ndáiríre níl. Níl ach beag-tagairt ansin don straitéis 20 bliain a chur i bhfeidhm, ach tá níos mó ná sin ag taisteál ó thaobh seirbhísí trí Ghaeilge, go mbeadh sé sin inchuidiú agus go mbeadh sé sin mar chuid den reachtaíocht nua freisin, le cinntiú go bhféadfaí é a chur i bhfeidhm.

Ó thaobh ceist na gcaighdeán, ní fheictear dom agus ní cheart go dtarlódh sé, nuair a thiocfaidh na caighdeán i bhfeidhm, dá mbeadh gealltanas déanta i scéim teanga, go raibh fiúntas ag baint leis agus a bhí ag oibriú, go dtiocfaidh deireadh leis sin.

Nuair a thiocfas na caighdeáin isteach, má tá rud éicint geallta i scéim teanga nach bhfuil sna caighdeán bheinn ag súil go leanfadh an dualgas reachtúil ó thaobh sin freisin. Tá sé sin tábhachtach. Tá sé tábhachtach nach dtiocfaidh na caighdeáin isteach i bhfolús agus go mbeadh siad ag luí leis an bplean atá réitithe ó thaobh na seirbhísí. Tá sé tábhachtach go mbeadh na caighdeán ag teacht le cá bhfuil an Stát ag rá go dteastaíonn uaidh dul agus go bhfuil na caighdeáin ag teacht leis sin.

Ó thaobh na Breataine Bige, is é an tuiscint atá agamsa ná go bhfuil sí imithe ó chóras na scéimeanna go dtí córas na gcaighdeán. Arís, sílim go mbeadh sé ina chabhair, nuair a bheas an Bille á dhréachtú, go dtabharfaí sampla dúinn de na caighdeáin atá beartaithe ag an Rialtas sa gcaoi go dtuigfeadh daoine céard atá i gceist. B'fhéidir go dtabharfaí sampla de phéire nó de thrí cinn de chaighdeáin a bheas leagtha síos le go dtuigfeadh muid céard atá i gceist. An bua atá leo ná go mbeidh comóntacht ann. Ní bheidh an easpa comóntachta sin ann. Shamhlóinn go rachadh sé níos leithne ná ceann ná péire de Ranna Rialtais. B'fhéidir go mbeadh sé thar chuile Roinn nó, ar a laghad, thar chuile údarás áitiúil nó chuile údarás áitiúil atá ag plé le ceantair Gaeltachta. Bheadh na dualgais ceannann céanna leagtha síos sa gcás sin.

Ó thaobh seirbhísí laethúla sa Ghaeltacht agus ó thaobh riarachán na seirbhísí sin don údarás nó don Roinn, ag deireadh an lae, mar Chomisinéir Teanga cuirim fáilte le cibé a chuireann feabhas ar chúrsaí. Más sin an bhealach le feabhas a chur ar chúrsaí d'fháilteoinn roimhe sin. Is dóigh gur b'in comhrá idir iad siúd atá ag dréachtú an pholasaí ina leith sin agus na comhairlí áitiúla, an t-údarás agus mar sin de. Faoi láthair, níl an córas ag feidhmiú mar ba chóir ó thaobh seirbhísí a chur ar fáil trí Ghaeilge trí phostanna a shainaithint faoi chóras na scéimeanna.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.