Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 20 March 2018

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Scéim Ghinearálta Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2017: Plé (Atógáil)

4:35 pm

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail) | Oireachtas source

Tá go leor fadhbanna romhainn, is cuma cén chaoi a mbreathnóimid air. An aontaíonn an finné nach bhfuil sa reachtaíocht ach béillic amháin ar an mballa? Gan plean agus toil, len é a aidhmiú, nach dtarlóidh an rud a bheimid ag súil leis?

Tá ceist eile agam. Tá mé i bhfábhar go mbeadh caighdeán leagtha síos faoi cheist ó thús, go mbeadh sé sin déanta trí na pleananna agus bhíomar tosaithe ar an obair sin. Níl aon fadhb agam go mbeidh sé mar ghníomh faoi leith ó thaobh na reachtaíochta de. An bhfuil sé ceart fáil réidh le córas na bpleananna? Tá rudaí ar bun ag Rannaí Stáit éagsúla nach dtitfidh isteach go héasca i gcóras leathan chaighdeán mar go bhfuil éagsúlacht ollmhór idir obair na Rannaí Stáit. An bhfuil deireadh curtha go hiomlán agus go huille ag muintir na Breataine Bige le pleananna agus an bhfuil sé ar fad anois bunaithe ar chaighdeán? Shamhlóinn, más caighdeán atá i gceist, go mbeidh ar duine caighdeán a leagan síos a bheadh sonrach do Roinn amháin nó do dhá Roinn.

Tá an triú ceist agam. Bhí moladh amháin sa straitéis 20 bliain don Ghaeilge go dtabharfadh cúram don údaráis agus don Roinn níos mó seirbhísí laethúil a chur ar fáil sa Ghaeltacht don phobal, mar shampla, seirbhísí tithíochta, seirbhísí pleanála nó seirbhísí bóithre. Bheadh sé á dhéanamh do chomhairle contae ó thaobh riaracháin na seirbhísí sin ó lá go lá, go dtiocfadh sé faoi Údarás na Gaeltachta nó faoin Roinn ar an mbunús go bhfaigheann siad nádúr na n-eagraíochtaí sin an rud a dhéanamh trí Ghaeilge. Ní hamháin sin, ach an éilíonn an pobal na seirbhísí trí Ghaeilge ó tharla go dtuigeann siad go bhfuil seirbhísí trí Ghaeilge? Go hiondúil éilíonn siad na seirbhísí ceannann céanna trí Bhéarla in eagraíochtaí nó ón chomhairle contae, fiú má tá siad le fáil i nGaeilge, mar tá cáil na Bhéarla ar na heagraíochtaí sin agus beidh go brách.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.