Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 20 March 2018

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Scéim Ghinearálta Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2017: Plé (Atógáil)

4:35 pm

Mr. Rónán Ó Domhnaill:

Ó thaobh ceist na Gaeltachta sa chéad dul síos, tá sé tábhachtach, ní hamháin go mbeadh an Ghaeilge mar theanga oibre sna hoifigí atá sa Ghaeltacht ach chomh maith leis sin go mbeadh comhlachtaí atá ag cur seirbhísí ar fáil sa Ghaeltacht, go mbeadh na seirbhísí sin ar fáil trí Ghaeilge freisin. B'fhéidir nach bhfuil siad lonnaithe sa Ghaeltacht féin. Is cuimhin liom, mar shampla, ar cigirí talmhaíochta agus mar sin de ón Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara, go mbeadh sé de dhualgas go mbeadh na seirbhísí sin ar fáil trí Ghaeilge. Ní ceart dúinn díriú ar oifigí atá lonnaithe sa Ghaeltacht amháin ach seirbhísí atá curtha ar fáil freisin.

Ó thaobh na scéimeanna teanga agus na gealltanais atá ann ó thaobh na Gaeltachta de, ní raibh dáta luaite ag go leor de na scéimeanna. Bhí scéim teanga ann ach níor tugadh aon gealltanas ar leith maidir le seirbhís a chur ar fáil do mhuintir na Gaeltachta in ocht gcinn acu sin. Ní raibh aon gealltanas ann. Is léiriú é sin ar na fadhbanna a bhaineann leis sin. Trí foráil iarracht san Acht féin nuair a thiocfadh sé sin, go mba cheart go bhfeabhsódh sé sin an riachtanas sa gcás sin ó thaobh na nGaeltachtaí de.

Ó thaobh cúrsaí oiliúna de, bíonn ranganna agus deis ag daoine dul go dtí an Ghaeltacht. Tá a fhios agam go dtéann lucht an Airm, mar shampla agus go mbíonn seal acu san acadamh san gCeathrú Rua. Chomh maith leis sin, tá Gaelchultúr ag cur ranganna ar fáil, agus bhí Éamon Ó Domhnaill os comhair an choiste ag tabhairt fianaise faoin obair atá ar siúl ag Gaelchultúr ó thaobh cuidiú le daoine feabhas a chur a gcuid Gaeilge. Tá sé sin an-mhaith agus cuidfidh sé sin le cúrsaí i dteannta cúrsaí earcaíochta. Teastaíonn an dá rud chun a cinntiú go mbeidh an seirbhís ceart ar fáil ina leith sin.

Ó thaobh na hachmhainní, tá achmhainní daonna tábhachtach ach teastaíonn an toil le chur leis sin. Is ceist tolla atá ann chomh maith go mbeadh an toil á fheiceáil againn ag an gcóras polaitíochta ag leibhéal sa Státchóras, go mbeadh an toil ann daoine le Gaeilge a earcú agus a aithint cá bhfuil siad ag teastáil agus iad a chur san áit ina bhfuil siad ag teastáil.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.