Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 20 March 2018

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Scéim Ghinearálta Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2017: Plé (Atógáil)

4:25 pm

Photo of Joe O'ReillyJoe O'Reilly (Fine Gael) | Oireachtas source

Bhí aithne agam ar an gCoimisinéir mar iriseoir agus a leithéid, agus mar chraoltóir, agus bhí sé an-mhaith sa jab sin. Is cosúil go bhfuil sé mar an gcéanna sa jab seo. Aontaím go mór leis an rud atá á rá acu anseo, go bhfuil an próiseas go léir ró-mhall. Tá sé go hainnis go bhfuil sé bliana imithe gan an leasú a chur i bhfeidhm. Is maith an rud go bhfuil cineál iarrachta i gceist ag an mbomaite seo chun é a chríochnú. Ba chóir go mbeadh sé críochnaithe. Ní dóigh liom go bhfuil sé oiriúnach go bhfuil a leithéid de sé bliana imithe gan aon rud ag tarlú. Tá sé sin uafásach. Táimid go léir i bhfabhar an moladh go mbeadh 20% de na daoine fostaithe sa státseirbhís ina gcainteoirí Gaeilge. Is fiú é sin a bhaint amach agus a dhéanamh. Ceapaim féin, agus ba mhaith liom cloisteáil ó na finnéithe mar gheall air seo, go mbeidh sé an-deacair na daoine sin a fháil anois leis na scileanna iomlána chun bheith ina gcainteoirí Gaeilge, agus taobh amuigh de sin, na scileanna chun bheith mar státseirbhísigh éifeachtacha freisin. Is cosúil go mbeidh sé deacair na daoine sin a fháil ar dtús báire. An bhfuil aon tuairim ag na finnéithe faoi sin, agus cad ba chóir dúinn a dhéanamh sa chás sin? Chomh maith leis sin cheap mé na blianta ó shin go raibh oiliúint inseirbhíse ar siúl an t-am ar fad do státseirbhísigh.

Bhí a fhios agam go raibh státseirbhísigh ó na Roinne ag dul go Tír Conaill agus a leithéid de Gaeltachta sin, ar feadh seachtain, coicís nó mí. Bhí deontas ann chun é sin a dhéanamh. Bhí sé ag athrú go rialta. An bhfuil sé sin ar siúl fosta? An dtarlaíonn sé? An bhfuil na finnéíthe ábalta é sin a thacú? Fiú taobh amuigh den 20% seo, go mbeadh gach deontas do gach státseirbhíseach agus go mbeadh sé éasca dóibh dul ar feadh tréimhse gach bliain nó gach cúpla bliain go dtí an Ghaeltacht chun a bheith i measc pobal Gaeilge, chun an teanga a fheabhsú agus a leithéid. Is fiú sin a dhéanamh.

Gan amhras, ba chóir go mbeadh na seribhísí lonnaithe sa Ghaeltacht trí mheán na Gaeilge. Níl aon choimhlint faoi sin. Ní bheadh tuairim eile ag éinne. An bhfuil sé fíor nach bhfuil sé sin le fáil sna Gaeltachtaí fosta? Cén fianaise de sin atá ann nach bhfuil sé le fáil? Tá díoma orm go bhfuil meath ag teacht ar an nGaeilge sna Gaeltachtaí ach mura bhfuil na seirbhísí le fáil as Gaeilge, tá sé sin go dona agus ba chóir go mbeadh. Bheadh spéis agam sna freagraí mar gheall air sin.

Ba chóir go mbeadh na hachmhainní ann. Tá níos mó achmhainní le fáil anois. Deirtear go bhfuil. Ba chóir go mbeadh siad ann don obair seo. Níl a lán le rá agam. Fáiltím roimh na finnéithe agus tréaslaím go mór leis na haidhmeanna seo. Taobh amuigh de sin níl a fhios agam.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.