Oireachtas Joint and Select Committees
Tuesday, 6 March 2018
Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands
Scéim Ghinearálta Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2017: Plé
5:00 pm
Catherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Tá an ceart ag an bhfinné. Gabhaim buíochas le idir an bheirt fhinné. Táimid buíoch. Tá sé cabhrach dúinn. Ní bheidh moill eile. Tá cúpla dream eile chun teacht os ár gcomhair amárach agus i gceann coicíse agus ansin beidh deireadh leis an bpróiseas le cúnamh Dé agus beidh an Bille ar ais ar bhord an Rialtais.
Roimh deireadh an chruinnithe, ní bhfuair mé deis rath a ghuí ar an iar-Sheanadóir, Trevor Ó Clochartaigh. Ní raibh deis againn aon rud a rá because, mar a tharla, ní raibh cruinniú againn dé Máirt seo caite. Beidh an coiste seo beagáinín níos boichte gan é. D'fhreastal sé ar chuile chruinniú agus ghlac sé páirt gníomhach. Gabhaim mo bhuíochas leis agus guím gach rath air sa phost nua atá aige.