Oireachtas Joint and Select Committees
Tuesday, 6 March 2018
Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands
Scéim Ghinearálta Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2017: Plé
5:00 pm
Mr. Julian de Spáinn:
D'fhág mé rud amháin ar lár atá fíor-thábhachtach. Tagann sé leis an earcaíocht freisin. Tá luaite ansin ceannteideal maidir le úsáid na Gaeilge agus maidir le gach seirbhís Stáit a bheith ar fáil do phobal na Gaeltachta trí Ghaeilge. Tá sin luaite mar cheannteideal ach sílim go mbraitheann sé ar an gceannteideal a bhaineann le hearcaíocht. Le cinntiú go mbeidh na seirbhísí curtha ar fáil do phobal na Gaeltachta i gceart, is gá go mbeidh na daoine ann chun sin a dhéanamh. Tá dlúthcheangal idir an dá rud. Arís, níl aon spriocbhliain luaite leis seo. Cén bhliain gur féidir le pobal na Gaeltachta a bheith ag súil leis go mbeidh gach seirbhís sásúil curtha ar fáil dóibh trí Ghaeilge? Níl a fhios againn. Má chuirtear reachtaíocht tríd gan spriocbhliain luaite leis, d'fhéadfaimis a bheith ag fanacht air ar feadh 20 nó 30 bliain eile. Cá bhfios?
No comments