Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 6 March 2018

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Scéim Ghinearálta Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2017: Plé

5:00 pm

Photo of Peadar TóibínPeadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Gabhaim buíochas leis na finnéithe as teacht isteach inniu. Bhí an aitheasc sin an-suimiúil. Ní raibh mé anseo don chéad seisiún don chruinniú seo. Mar sin, ba mhaith liom a rá go bhfuil mé buíoch go bhfuilimid ag an staid seo leis an mBille seo. Tá an Bille á phlé againn le fada an lá sna Tithe anseo. Tá go leor rudaí maithe sa Bhille agus caithfimid iad a aithint. Tá laigeachtaí ann freisin agus sin an fáth go bhfuil coiste ann. Beimid in ann díriú orthu agus, más féidir, iad a dheisiú.

Tá go leor in aghaidh na Gaeilge agus tá siad ag iarraidh cur isteach ar an nGaeilge toisc an costas a bhaineann leis an teanga. Nuair a fheicimid ar Bille cosúil leis an gceann seo, tá sé soiléir, má dhéanann an Rialtas rudaí i gceart ón tús, nach mbeadh aon costas breise i gcás i ndáiríre. Mar shampla, má chuireann siad comharthaí bóthair dhátheangach as seo amach, ní bheadh costas ag baint leis sin ar chor ar bith. Labhair mise leis an Aire, an Teachta Ross, faoin rud seo. D'iarr mé air an mbeadh sé sásta dul leis seo agus dúirt sé liom i rith an comhrá de cúig nó deich nóimead a bhí againn nach mbeadh fadhb ar bith aige leis na rudaí seo. Tá na comharthaí seo i bhfeidhm in Aerfort Bhaile Átha Cliath agus níl daoine caillte i Timbuktu nó i Tenerife ag an bomaite. Is léir go bhfuil daoine in ann iad a úsáid. Tá siad á n-úsáid go forleathan thar lear. Ba cheart go mbeadh in ann leasú a dhéanamh ar an rud seo.

Bíonn an Rialtas i gcónaí ag gearán faoin gcostas a bhaineann le seirbhísí a chur ar fáil do shaoránaigh trí Ghaeilge. Dá earcaítear daoine atá in ann a gcuid oibre a dhéanamh trí Ghaeilge, ní bheadh aon chostas ag baint leis sin ar chor ar bith.

Beidh gearán ann faoi na moltaí atá déanta agus ba cheart dúinn iad a phlé. An bhfuil an comhréir a luadh sodhéanta? Beidh an Rialtas ag rá go gcaithfimid é a dhéanamh i slí fadtéarmach. Ní haontaím leis an tuairim sin. An bhfuil 2020 mar spriocbhliain sodhéanta chun é a chur i bhfeidhm? Caithfeadh impleachtaí a bheith ann maidir le neamhcomhlíonadh leis na rialacha agus leis an dlí agus na ráitis agus tuarascáil a thagann as Oifig an Choimisinéara Teanga.

Is léir d'éinne atá ag díriú isteach ar an ábhar seo go mbíonn na heagraíochtaí Stáit i gcónaí ag tabhairt neamhaird don Choimisinéir Teanga. B'fhéidir go bhfuil rudaí ag dul i bhfeabhas le cúpla bliain anuas, ach tá a fhios agam go mbíonn eagraíochtaí Stáit cosúil le hOifig na nOibreacha Poiblí fós ag sárú a gcuid dualgais maidir leis an dlí. Nuair a chuirtear glaoch ar Oifig an Choimisinéara Teanga, téann sé i dteagmháil leis an eagraíocht atá i gceist agus deisítear an fhadhb. Bíonn sé mar an gcéanna an chéad uair eile, áfach. Bíonn sé briste arís. Cuireann sé sin an-chuid ama, airgid agus iarrachta amú. Ní bheadh an fhadhb sin ann ar chor ar bith dá mbeadh bata mór de chineál éigin i gceist. Ba cheart go mbeadh cairéad éigin i gceist freisin chun cabhrú leis na heagraíochtaí a gcuid dualgais a chomhlíonadh.

Ba mhaith liom tagairt a dhéanamh do rud beag nach bhfuil luaite go dtí seo. Baineann sé le feachtas ollmhór a bhí ann trí mhí nó ceithre mhí ó shin. Tá go leor eagraíochtaí agus comhlachtaí ag feidhmiú sa tír seo ar bhonn ceadúnais a fhaigheann siad ón Rialtas. Tá mé ag smaoineamh ar na bainc agus na comhlachtaí árachais, mar shampla. Úsáideann go leor comhlachtaí idirnáisiúnta an Ghaeilge i slite iontacha, ach tá sé dochreidte go bhfuil go leor comhlachtaí Éireannacha fós ann a dhéanann neamhaird iomlán ar an teanga. Ní thuigeann siad an deis, nó an competitive advantage, atá i gceist anseo. An ceart dúinn rud éigin a dhéanamh chun dualgas a chur ar na bainc, nó na comhlachtaí árachais, níos mó measa a thaispeáint agus níos mó Gaeilge a úsáid? Is féidir linn a chruthú go bhfuil dualgais ar chomhlachtaí atá ag feidhmiú anseo an Ghaeilge a úsáid. Chuala muid cúpla seachtain ó shin gur cuireadh iachall ar dhuine taobh istigh in AA Ireland a bhí ag labhairt Gaeilge le custaiméir ar a thoil féin athrú go Béarla. Céard ba cheart don Rialtas agus don Stát a dhéanamh sna cásanna sin?