Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 6 March 2018

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Scéim Ghinearálta Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2017: Plé

5:00 pm

Mr. Julian de Spáinn:

Ba mhaith liom tréaslú, ar dtús, le Cathaoirleach, le baill agus le foireann an choiste seo as an obair mhaith thábhachtach atá ar siúl acu ó a bunaíodh an comhchoiste seo. Aithním i measc na hoibre sin, an tuarascáil a d’eisigh an coiste ar a thoscaireacht ar na hoileáin, an tuarascáil ar straitéis óga don Ghaeltacht, an tacaíocht tugtha aige don oideachas Gaeilge agus Gaeltachta, Raidió Rí-Rá, Acht ó Thuaidh agus neart eile. Tá sé fíor-thábhachtach go bhfuil an comhchoiste seo ann agus guím gach rath ar a chuid oibre i gcónaí.

Gabhaim buíochas, ar son an chonartha, as an deis cur i láthair a dhéanamh inniu ar na moltaí atá ag Conradh na Gaeilge le hAcht na dTeangacha Oifigiúla 2003 a láidriú. Dar ndóigh, baineann an chaint inniu go háirithe leis na ceannteidil foilsithe ag an Rialtas ach tá súil againn, le cabhrach an choiste, tionchar a imirt ar an reachtaíocht ag gach Céim den Bhille agus é ag dul tríd Tithe an Oireachtais. Cuireadh ár n-aighneacht chuig an gcoiste don phróiseas atá ar siúl ag an gcomhchoiste seo roimhe seo agus tá sé i gceist agam, mar sin, gan ach achoimre gasta a thabhairt ar chuid de na ceannteidil molta, cuid de na ceannteidil níos tábhachtaí a phlé, agus cur síos a dhéanamh ar na ceannteidil, in ár dtuairim, atá in easnamh ó na ceannteidil foilsithe ag an bpointe seo.

Mar eolas, níl aon mholtaí againn do ceannteideal 1, 2 nó 3 agus táimid ag tacú le ceannteideal 4, 5, 6, 7, 11, 12, 13 agus 14. Agus iad sin ar fad ar leataobh, is féidir liom dul ar aghaidh go cinn áirithe eile. Táimid ag tacú le ceannteideal 8 ach táimid ag moladh go mbeidh spriocdháta de 2020 curtha leis an bhfeidhmiú ina iomlán de na córais faisnéise agus cumarsáide ó thaobh úsáid ainmneacha agus seoltaí Gaeilge de. Chomh maith leis sin, táimid ag moladh go mbeidh leasú ar an bhfoclaíocht beagáinín le haithint nach bhfuil leaganacha Béarla ar ainmneacha agus seoltaí ag go leor Gaeil agus nár chóir córas nua a sholáthar nach dtógfaidh sin san áireamh. Leis an bhfoclaíocht atá ann faoi láthair, sílimid go bhfuil an rud oscailte agus go bhféadfadh duine a rá go bhfuil leagan eile dá ainm nó hainm ann nuair nach bhfuil sé sin fíor do go leor daoine. Is gá a bheith cúramach leis sin ó thaobh foclaíochta de.

Táimid ag tacú le ceannteideal 10 ach táimid ag moladh go mbeidh dualgas soiléir agus cuimsitheach ar gach comhlacht poiblí agus Roinn Rialtas chun tairiscint gníomhach a sholáthar don phobal san áireamh san Acht. Mura cuirtear an pobal ar an eolas go leanúnach agus go gníomhach go bhfuil ceart acu agus go bhfuil fáilte rompu na seirbhísí Gaeilge atá ar fáil a úsáid, ní chuirfear go suntasach le húsáid na seirbhísí sin agus leanfar a rá nach bhfuil éileamh ar na seirbhísí céanna.

Is féidir liom a rá, ó mo thaithí pearsanta agus ó aiseolas ó go leor daoine, nach bhfuil an pobal ar an eolas ar na seirbhísí atá ar fáil ón Stát trí Ghaeilge tríd is tríd faoi láthair agus ní dhéantar beagnach aon tairiscint gníomhach sa chás go bhfuil seirbhís ar fáil trí Ghaeilge. Tá an téarma "tairiscing gníomhach" luaite sna ceannteidil ach níl an téacs curtha leis fós. Sin an fáth go bhfuil mé ag cur an-bhéim air sin. Bhí an coiste ag caint faoi roimhe seo. Tá sé fíorthábhachtach go mbeadh an tairisicint gníomhach curtha os comhair an phobail i gcónaí. Mura cuirtear os a gcomhair, ní bhainfidh daoine úsáid as na seirbhísí agus deirfear i gcónaí nach raibh an t-éileamh ann. Tá an moladh sin fíorthábhachtach dá bharr agus ba cheart go mbeadh sé láidir agus soiléir sa reachtaíocht.

Nil aon cheist ann ach go bhfuil ceannteideal 9, earcaíocht san earnáil phoiblí, an ceannteidil is tábhachtaí le cinntiú go mbeidh seirbhís sásúil agus cuimsitheach curtha ar fáil don phobal as Gaeilge ón earnáil phoiblí. Ba mhaith liom cúpla rud a rá faoi. Ar dtús, tá moladh ag dul don chomhchoiste seo, don Fhreasúra, don Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta agus don Rialtas trí chéile as éisteacht leis an éileamh a chuir an conradh chun cinn le cúpla bliain anuas go mbeidh 20% d’fhostaithe nua a earcófar don tseirbhís phoiblí inniúil ar an nGaeilge. Is í ár dtuairim go bhfuil gá spriocbhliain a lua leis an gceannteideal seo. Táimid ag moladh 2020 le bheith ag an sprioc de 20%.

Teip a bhí ag gach Rialtas ó na 1970idí ar aghaidh, nuair a athraíodh rialacha earcaíochta an earnáil phoiblí, le cinntiú go mbeadh seirbhís sásúil as Gaeilge ar fáil do phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta. Ligeadh síos muid thar na blianta agus le muinín an phobail a chinntiú don Acht leasaithe is gá, in ár dtuairim, spriocbhliain a lua leis an gceannteideal seo. Ba chóir dúinn ceacht ciallmhar a fhoghlaim agus a leanúint ón Aontas Eorpach agus an dlús atá leis an obair chun fáil réidh leis an maolú ar stádas na Gaeilge san Aontas Eorpach mar gheall ar an spriocbhliain de 2022 luaite leis. Chun cothrom na Féinne a thabhairt don Rialtas, tá obair mhaith ar siúl anois le bheith réidh ar 31 Nollaig 2021 chun ligint don mhaolú dul in éag agus stádas iomlán a bheith ag an teanga ann. I gás na hearcaíochta san earnáil phoiblí sa bhaile in Éirinn, caithfear, cosúil leis an Aontas Eorpach, spriocbhliain a leagan síos agus plean cuimsitheach a chur le chéile leis an spriocbhliain sin a bhaint amach le hearcaíocht 20% inniúil ar an nGaeilge mar thoradh ar an bplean. Mura dhéantar seo, in ár dtuairim teipfidh ar an iarracht seirbhís sásúil Ghaeilge a chinntiú do phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta.

Le críochnú, ba mhaith liom tagairt a dhéanamh de roinnt de na ceannteidil atá in easnamh sna ceannteidil faoi láthair. Ba chóir go mbeadh an Ghaeilge ar aon chéim leis an mBéarla ar chomharthaí bóthair na hÉireann. Déantar é seo sa Bhreatain Bheag, san Alban agus i dtíortha eile le breis is teanga oifigiúil amháin ar fud an domhain. Bhí an Taoiseach reatha, an Teachta Leo Varadkar, nuair a bhí sé ina Aire Iompair, Turasóireachta agus Spóirt ar son an mholadh seo. Chuir Cathaoirleach an comhchoiste Oireachtais ar iompair, an Teachta Fergus Ó Dubhda, in iúl ag an gcoiste seo roimh na Nollaig go raibh sé ar son an mholadh seo. Ghlac an comhchoiste iompair leis an moladh cúpla bliain ó shin. Cén fáth nach mbeadh sé curtha san áireamh sna ceannteidil agus sa Bhille atá le teacht? Níl aon duine ag caint faoi na comharthaí a athrú thar oíche ach iad a athrú de réir is gur gá iad a athnuachan nó cinn nua a chrochadh.

Ar nós sa Bhreatain Bheag, ba chóir go mbeadh iniúchadh déanta ag an gCoimisinéir Teanga ó thaobh na teanga de ar reachtaíocht mholta agus ar aon straitéis phoiblí a bhaineann le teanga oifigiúil a chur chun cinn, mar shampla, an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge. Ceann de na heasnaimh is mó atá ann le cur i bhfeidhm na straitéise ná nach bhfuil aon dream neamhspleách ag déanamh monatóireachta air. Sílimid gurb é seo rud gur bhféadfaí a chur sa reachtaíocht leis an dualgas sin a thabhairt don Choimisinéir Teanga. Ní hamháin sin ach sa Bhreatain Bheag, mar a luaigh mé, tá siad tosaithe ag breathnú ar reachtaíocht atá ag dul tríd gach Roinn ann. Níl aon fáth nach ndéanfadh an Coimisinéir Teanga in Éirinn an rud ceanann céanna.

Ba chóir go dtiocfadh gach comhlacht poiblí agus gach feidhm de chuid an chomhlachta poiblí a bheidh idirghníomhaíocht ag an bpobal leis agus a roinnfear ar chomhlacht eile faoi réim an Achta go huathoibríoch. Tóg, mar shampla, Dublin Bikes. Faoi láthair, má dhéanann Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath a dhualgas a thamligean ó thaobh rothair a chur ar fáil sa chathair go dtí comhlacht neamhspleách, ní thagann an comhlacht sin faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla agus níl gá don chomhlacht aon sheirbhís a chur ar fáil don phobal trí Ghaeilge. Mar gheall air sin, ní féidir liomsa fós clárú ar líne le Dublin Bikes trí Ghaeilge chun na rothair a fháil ar iasacht. Tá sé sin mar an gcéanna d'aon dhuine le Gaeilge. Táimid ag lorg go dtiocfadh siad go huathoibríoch faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla má tá siad ag plé leis an bpobal nó ag fáil oibre ó chomhlacht Stáit.

Níor chóir go mbeadh dreamanna ar nós An Post in ann dualgais a 9 den Acht reatha a sheachaint maidir le hábhair margaíochta a cuirtear ar fáil don phobal mar gheall nach raibh na dualgais soiléir a dhóthain in Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003. Má dhéanann comhlacht poiblí nó Roinn teagmháil ar bith leis an bpobal, ba chóir go mbeadh an teagmháil sin déanta go dátheangach nó i nGaeilge amháin agus níor chóir ligint d’eisceachtaí mar atá ann faoi láthair. Faighimse rudaí i mo bhosca poist go rialta agus den chuid is mó bíonn siad as Béarla amháin. An fáth leis sin ná go bhfuil solúbthacht fágtha san Acht atá ann faoi láthair i gcúrsaí margaíochta agus eile. Tá gá ann é sin a bhaint amach agus a chinntiú nach dtarlóidh sé a thuilleadh.

Tháinig moladh praiticiúil agus réasúnta chun tosaigh le déanaí sa chonradh agus ba chóir é a chur san áireamh in aon Acht nua. Is é sin go mbeidh an ceart céanna ag aon duine ag obair sa Státseirbhís lena chuid oibre a dhéanamh leis an Stát trí Ghaeilge. Mar shampla, ba chóir go mbeadh an próiseas ardú céime, an próiseas measúnaithe foirne agus comhfhreagras inmheánach don fhoireann agus araile ar fáil i nGaeilge do na státseirbhísí le Gaeilge. Conas gur féidir linn státseirbhísigh a bheadh sásta an Ghaeilge a úsáid go leanúnach a chothú muna bhfuil an Státchóras féin ag freastal orthu? Má táimid ag iarraidh daoine a spreagadh chun Gaeilge a úsáid go leanúnach sa Státchóras, is cinnte go gcaithfidh an Státchóras freastal orthu sa chéad áit.

Cuirtear cosc uaireanta ar úsáid na Gaeilge san ionad oibre gan bun ná barr a bheith leis an gcosc céanna. Is pleanáil teanga fíor-éifeachtach sa treo mícheart é ar gá á chosc má táimid le cur le húsáid na Gaeilge sa tsochaí seo.

Gabhaim buíochas leis an gcoiste as éisteacht liom inniu. Ba bhreá liom aon cheisteanna atá ag an gcoiste a fhreagairt nó aon soiléiriú atá ag teastáil a thabhairt.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.