Oireachtas Joint and Select Committees
Tuesday, 6 March 2018
Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands
Scéim Ghinearálta Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2017: Plé
5:00 pm
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Caithfimid a bheith réalaíoch faoi seo. Go minic, cuirtear an iomarca béime ar an dlí mar uirlis ann féin le rud a bhaint amach. Tá trí rud ag teastáil, ceann acu is ea an dlí. Maidir leis an dlí ann féín, go minic tá an fhadhb céanna ann, mar shampla, le daoine le míchumas, toisc nach ndéantar tada leis an dlí agus go ndéantar neamhaird air. Tá trí rud ag teastáil, is iad sin an dlí, an maoiniú leis an dlí a chur i bhfeidhm agus le na tacaíochtaí a chur ar fáil, agus plean feidhmíochta. Ceann de na fáthanna nach bhfuil an oiread toradh ar an Acht a tugadh isteach i 2003, agus ba mhaith liom tuiscint a fháil ó na bhfinnéithe, ná nár cuireadh an maoiniú ná an plean tacaíochta i bhfeidhm.
Tabharfaidh mé sampla den rud atá i gceist agam. Má táimid ag dul ag rá go mbeidh 20% den phobal nó de na daoine a earcófar sa Státseirbhís inniúil ar an nGaeilge, ní leor é sin a rá i dtéarmaí dlí mura bhfuil an córas oideachais eagraithe sa chaoi agus go mbeidh iarrthóirí againn. Táimid ar ais sa fáinne fia seo, ag iarraidh an bhfuil an bunscolaíocht ann, trí Ghaeilge agus trí Bhéarla, agus go deimhin féin tá cuid déanta ó Thuaidh ag scoileanna Bhéarla, an bhfuil an meánscolaíocht ann agus an bhfuil an tríu leibhéal ann. Is siar go mór atáimid imithe ó thaobh an tríu leibhéal le hocht mbliain anuas. Caithfear plean a bheith ann má táimid ag iarraidh sprioc de 20%. Cé as a dtiocfaidh siad? Ní thiocfaidh siad anuas ón spéir. An bhfuilimid chun cúrsaí Gaeilge a chur le go leor ábhar éagsúla eile a d'fhéadfaí a dhéanamh sa tríu leibhéal agus ansin cáillíocht a thabhairt isteach go bhfuil duine inniúil ar an nGaeilge a úsáid ina cuid oibre laethúil? B'shin an áit, dar liomsa, nár cuireadh an Acht i bhfeidhm. Ba mhaith liom tuairimí na bhfinnéithe faoi sin.
An dtógann na finnéithe faoi deara, in ainneoin an Acht a deireann go gcaitheann duine freagra i nGaeilge a fháil ar chomhfhreagras i nGaeilge, go bhfuil go leor dreamanna Gaeltachta agus Gaeilge, scoileanna Gaeilge agus mar sin de a scríobhann litir i mBéarla agus i nGaeilge ag cuideanna eile den Roinn Oideachais agus Scileanna taobh amuigh de COGG mar nach bhfuil muinín acu as an gcóras agus go bhfuil an dá oiread oibre orthu ag cur litir in dhá theanga? Feicim na litreacha, mar cuirtear cóipeanna ag Teachtaí Dála go minic, a sheoltar chuig an Roinn Oideachais agus Scileanna agus an leagan Béarla agus Gaeilge orthu. Deirim liom féin nár chuala siad ariamh go gcaithfidh siad na litreacha seo a fhreagairt i nGaeilge, go gcaithfidh siad déileáil leo, agus go bhfuil easpa muinín ag daoine sa chórais dá bharr nach bhfuiltear ag déanamh seo.
Arís táimid ar ais ag plean feidhmíochta, mar níl aon mhaith in dlí gan plean feidhmíochta. Tá an ceart ag na finnéithe a rá anseo agus a chur ar ár súile anseo inniu nach bhfuil aon mhaith an dlí a bheith ann murar féidir le duine dul go héasca chuig an Roinn Oideachais agus Scileanna agus ceist a chur faoi na treoraí, na rialacha ar fad a fhaigheann siad, cóiríochta scoileanna agus mar sin de, agus na ceisteanna sin a chur trí Ghaeilge. Tá plean ag teastáil mar ní féidir é seo ar fad a chur i ndlí. Níl an dlí chomh mór sin. Caithfimid a rá leis an Aire go bhfuil na rudaí seo a leanas ag teastáil: dlí níos láidre, agus aontaímid ar fad leis sin, maoiniú, plean feidhmíochta, agus ar ndóigh ag deireadh an lae, níos mó cumhachtaí ag an gCoimisinéir Teanga.
Bhí rud amháin, nuair a bhí mé ag plé leis seo cheana, go bhfuil soláthar dó san Acht. Is maith le daoine airgead a fháil ón Stáit, fiú mura bhfuil ann ach €10. Ceann de na rudaí a bhí ann ná go bhféadfaí cúiteamh a thabhairt do dhaoine dá mbeadh sárú ar an Acht ann. Mar shampla, dá bhfaighfeadh duine litir ar ais i mBéarla agus an duine tar éis é a scríobh i nGaeilge, faighfeadh sé nó sí €20 nó €30 de chúiteamh ón gCoimisinéir Teanga. Tá mé cinnte nach bhfreagrófaí mórán litreacha ach go mbeadh go leor litreacha ag teacht isteach i nGaeilge ag súil le go bhfaighfí freagra i mBéarla. Mar sin féin, tá mé ag ceapadh go n-aithródh na béasaí go mór mar bheadh na hoifigigh cuntasaíochta sa Roinn ag ceistiú cén fáth go raibh airgead á chur amú.
Tá go leor le déanamh agus ná ceapfadh muid gurb é an dlí tús deireadh an scéal. Is cuid lárnach den scéal é ach gan an chuid eile, beidh thiar orainn sa deireadh agus just neamhaird á thabhairt ar an dlí.