Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 6 March 2018

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Scéim Ghinearálta Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2017: Plé

5:00 pm

Mr. Dónal Ó hAiniféin:

Táim cinnte go mbeidh ár gcairde ag caint faoi na ceannteidil eile agus bhíomar ag díriú ar cheannteidil 9 mar gur bhain sé go dlúth leis an obair atá idir lámha againne. Maidir leis an 98% atá laistigh den chóras faoi láthair, gan dabht tá céatadán áirithe díobh sin go bhfuil Gaeilge áirithe acu a mhothaíonn nach bhfuil sé ar a gcumas seirbhís chuimsitheach a chur ar fáil trí mheán na Gaeilge. Bheimis go hiomlán i bhfábhar cúrsaí forbartha gairmiúla a bheith ar fáil dóibh sin le feabhas a chur ar a gcuid Gaeilge agus le tacú leo seirbhísí ar chaighdeáin áirithe a chur ar fáil trí mheán na Gaeilge. Gan dabht chabhródh sé le hearnáil na Gaeltachta agus leis na Gaeltachtaí uilig, atá faoi bhrú ó thaobh fostaíochta agus mar sin de, cúrsaí a bheith ar fail dá leithéidí sin sa Ghaeltacht agus iad a bheith creidiúnaithe agus céimnithe agus iad a bheith ar fáil mar mheascán ar líne agus cónaithe do na státseirbhísigh sin gur mian leo feabhas a chur ar an gcumas agus ar an gcaighdeán Gaeilge atá acu faoi láthair. An rud nach féidir a dhéanamh ná Gaeilge a bhrú ar dhaoine nach mian leo í a labhairt. Táim cinnte laistigh den 98%, ámh, go bhfuil dornán áirithe daoine go mba cheart dúinne a bheith ag díriú orthu chomh maith san idirlinn.

An pointe is láidre ná, má táimid chun an sprioc de 20% a bhaint amach in aon chor agus má tá sé le bheith bainte amach againn faoi 2047, fiú, caithfimid bóthar agus céimeanna chuige sin a aontú. Thacóimis go láidir leis an dtuairim go mbeadh ar an Aire teacht isteach ag amanta rialta in aghaidh na bliana nó mar sin chun cur síos a dhéanamh ar an dul chun cinn a bhfuil déanta sa bhliain atá imithe, an méid a bhfuil bainte amach, agus an t-ardú ins na céatadáin a bhfuil ag úsáid na seirbhísí breise atá curtha ar fáil. Sa tslí sin, bheimís ábalta measúnú agus monatóireacht a dhéanamh ar an rud.

Mar a deirim, ní fiú an sprioc a chaitheamh amach mura bhfuilimid agus mura bhfuil an Teach seo sásta measúnú agus monatóireacht a dhéanamh air le fáil amach an bhfuil dul chun cinn á dhéanamh againn. Chun é sin a dhéanamh, caithfimid an earnáil eile, earnáil na Gaelscolaíochta i ngach leibhéal agus earnáil na Gaeltachta, a fhorbairt go comhthreomhar le cur ar chumas tuismitheoirí gur mian leo, sin 25%, ceathrú den daonra, go mbeadh Gaeloideachas ar fáil dá bpáistí. Caithfimid é sin a dhéanamh go comhthreomhar nó ní fiú faic an sprioc de 20%.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.