Oireachtas Joint and Select Committees
Tuesday, 6 March 2018
Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands
Scéim Ghinearálta Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2017: Plé
5:00 pm
Brian Ó Domhnaill (Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Ag éisteacht leis an díospóireacht, táim ag piocadh suas go bhfuil na finnéithe ag tabhairt tacaíocht don 20% atá molta sa Bhille, agus cuirim fáilte roimhe sin. Is ceann de na ceannteidil is tábhachtaí sa Bhille é ceannteideal 9. Faoi láthair tá slad iomlán á dhéanamh ag an Státchóras ar an nGaeilge. Fiú amháin an coiste seo, rinne rúnaí agus Cathaoirleach an choiste seo réamhscrúdú ar na seirbhísí Stáit agus sa tseirbhís phoiblí ó thaobh líon na gcainteoirí Gaeilge atá i ngach rannóg Stáit nó gach Roinn Stáit, agus fuarthas amach nach bhfuil ach 1.5% de na daoine atá ag obair sa Státchóras a bhfuil Gaeilge acu agus in ann an tseirbhís a chur ar fáil tri mheán na Gaeilge. Ciallaíonn sé seo nach bhfuil 98.5% de na 37,500 duine atá ag obair sa Státchóras in ann an tseirbhís sin a chur ar fáil trí mheán na Gaeilge. Músclaíonn sé sin suas muid le rá nach bhfuil an córas ag obair mar is cóir agus go gcaithfear rud éigin a dhéanamh.
Is sprioc atá ann an 20% seo. Tá cuimhne againn nuair a bhí feidhmeannaigh na Roinne os comhair an choiste agus nuair a bhíomar ag plé é seo leo. Bhíomar á gceistiú faoin sprioc sin agus cén dóigh a dtiocfadh leis an Roinn cinnteacht a bheith ann go mbeadh an sprioc sin comhlíonta. B'fhéidir gur brionglóid atá ann, ach más sprioc é, caithfimid é a leagan amach go soiléir. Má táimid ag caint ar thréimhse trí bliana, deich mbliana nó 20 bliain, caithfimid a bheith an-soiléir agus caithfimid é a thomhas go maith leis sin fosta. Níl a fhios agam cén tuairim atá ag na finnéithe agus níl a fhios agam an mbeadh siad ag aontú liom, ach ba mhaith liomsa sa Bhille seo go mbeadh ar an Aire teacht os comhair an choiste seo gach bliain le tuarascáil dul chun cinn ar an mBille, go háirithe ar na ceannteidil, a chur os comhair an choiste agus an Oireachtais. An mbeadh na finnéithe ag tabhairt tacaíocht do leithéid de mholadh?
Tá ceannteideal 9 ag brath ar na poist úra a bheidh le cruthú, ach níl sé ag déileáil leis na daoine atá ag obair sa Státchóras faoi láthair. Má táimid ag caint faoi 98.5% den 37,500, caidé atáimid le déanamh faoi sin? Bhí córas iontach maith ann blianta ó shin, córas a raibh taobh istigh den Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe agus den Roinn Airgeadais, is é sin Gaeleagras. Níl a leithéid de chóras ann faoi láthair. An bhfuil gá lena leithéid de chóras nó d'ionad úr sa Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe no sa Roinn Airgeadais a chur ar fáil chun deis a thabhairt do na daoine atá ag obair sa Státchóras ar mian leo an Ghaeilge a fhoghlaim é sin a dhéanamh? Thabharfadh se deis do phobal na Gaeltachta chomh maith buntáiste a bhaint as sin fosta mar go dtagann na daoine go dtí ceantair Ghaeltachta, is cosúil, mar a bhí á dhéanamh roimhe seo. An bhfuil aon tuairim ag na finnéithe ar an moladh sin, go háirithe mar go mbaineann sé le cúrsaí oideachais? Tá siad féin ag plé le cúrsaí oideachais agus cúrsaí Gaeltachta. An bhféadfadh moladh den chineál sin oibriú go praiticiúil agus an bhfuil aon smaointe ag na finnéithe air sin?