Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 6 March 2018

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Scéim Ghinearálta Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2017: Plé

5:00 pm

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Chun a rá arís, táimid anseo chun na leasuithe atá beartaithe a dhéanamh do Bhille na dTeangacha Oifigiúla a phlé. B'fhéidir go bhféadfadh na finnéithe díriú isteach air sin. Tabharfaimid neart deiseanna daoibh teacht ar ais agus táimid ag brath oraibh mar shaineolaithe, ach is gá é a chur in iúl gurb shin an rud atá ar siúl againn. Tá a fhios againn na fadhbanna. Tá a fhios againn an fáth go bhfuilimid anseo agus cén fáth a bhfuil gá le hAcht nua, mar gur theip go huile is go hiomlán go dtí seo leis an ceann atá againn. Maidir leis an rud atá beartaithe, beidh cur i láthair eile i gceist ó Chonradh na Gaeilge. An bhfuil na finnéithe sásta leis na ceannteidil? Táim ag cur na ceisteanna arís. An bhfuil aon rud istigh ansin nach bhfuil na finnéithe sásta leis? Tá siad ag freagairt na ceisteanna sa chomhthéacs sin. Tháinig mé ar aghaidh roimh Iníon Ní Mhóráin. An raibh sí ag iarraidh teacht isteach?