Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 6 March 2018

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Scéim Ghinearálta Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2017: Plé

5:00 pm

Mr. Dónal Ó hAiniféin:

Is é an pointe teagmhála an pointe criticiúil. Nuair a bhíonn duine ag iarraidh teagmháil agus gnó a dhéanamh tri Ghaeilge le daoine, is é an chéad pointe teagmhála an pointe criticiúil. Gan dabht, tá dualgas ar cheannairí, mar atá léirithe go minic in earnáil na polaitíochta, sampla agus dea-shampla a thabhairt. Chun a bheith féaráilte san earnáil ina bhfuilimid, sa Roinn Oideachais agus Scileanna go dtí seo, tá lucht ceannaireachta cumasach agus báúil agus dátheangach agus ar fáil istigh sa Roinn, go háirithe nuair a bhítear ag plé le cúrsaí cigireachta. Mar sin féin, tá earnálacha eile agus eití eile den Roinn nach bhfuil chomh cumasach sa dá theanga. An buntáiste a bheadh ag baint le haonad seirbhísí Gaeilge ná go mbeadh na daoine sna hearnálacha nó sna ranna sin nó sna fo-ranna sin laistigh den Roinn bailithe le chéile agus ar fáil mar phointe teagmhála do na daoine atá ag éileamh seirbhísí tri mheán na Gaeilge agus gan glaonna a bheith á ndéanamh ar an rannóg tógála nó an rannóg forbartha nó seo nó siúd agus iad a rá nach bhfuil an t-oifigeach sin istigh inniu agus mar sin de.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.