Oireachtas Joint and Select Committees
Tuesday, 6 March 2018
Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands
Scéim Ghinearálta Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2017: Plé
5:00 pm
Mr. Dónal Ó hAiniféin:
Mar a luaigh Iníon Ní Mhóráin agus nuair a táimid ag caint ar aonad seirbhísí Gaeilge, má thógfaimid an Roinn Oideachais agus Scileanna mar shampla, má ghlaonn duine ar an Roinn Oideachais agus Scileanna faoi chúrsaí pá, tuarastal, cóiríochta nó aon ní a bhaineann le scoileanna, agus cé go mbíonn an duine seo ag déanamh a chuid comhfhreagras ar fad leis an Roinn, toisc nach bhfuil ach 1.5% de oifigigh na Roinne in iúl ar an Gaeilge faoi láthair, tá an duine sin in aimhleas cinnte de go mbeidh moill an-fhada ar a chuid no a cuid gnó agus go mbeidh sé nó sí curtha siar de bharr go bhfuil an duine sin ag éileamh a chuid nó a cuid seirbhísí trí Ghaeilge. Le déanaí bhí an taithí agam féin agus mé ag plé leis an rannóg tógála. Gan dabht tá daoine an-deas agus tá daoine sásta beannú agus mar sin de as Gaeilge, ach nuair a bhíonn ar daoine a ngnó a dhéanamh chun dul chun cinn a dhéanamh, bíonn orthu é a dhéanamh trí Bhéarla. Dá mbunófaí an aonad seirbhísí Gaeilge mar atá luaite, mar shampla, just sa Roinn sin, agus dá mbeadh a fhios ag daoine go raibh pointe teagmhála no duine éigin ins na rannóga éagsúla lena d'fhéadfaidís teagmháil a dhéanamh trí mheán na Gaeilge, táim cinnte go n-ardódh an t-éileamh agus go mbeadh daoine níos sásta agus níos shona a gcearta teanga a éileamh mar go mbeadh fáil acu ar sheirbhísí.
Creid é nó ná creid, éiríonn daoine bréan de bheith ag éileamh rudaí nach bhfuil ann. Éiríonn daoine bréan de bheith ag éileamh seirbhísí ar lucht sláinte, oideachais, cosanta agus mar sin de nuair nach bhfuil na seirbhísí ann. Géileann daoine i ndeireadh thiar thall. Ta sé tábhachtach go mbeadh a fhios ag daoine go mbeadh pointe teagmhála ar fáil le freastal agus le seirbhís a chur ar fáil trí mheán na Gaeilge.
Nuair a bheidh sé soiléir go mbeidh teagmhálacha dá leithéid ar fáil, ní bheidh leisce ar na Gaeil na teagmhálacha sin a dhéanamh.