Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 6 March 2018

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Scéim Ghinearálta Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2017: Plé

5:00 pm

Photo of Aindrias MoynihanAindrias Moynihan (Cork North West, Fianna Fail) | Oireachtas source

Aontaímid go léir nach féidir teacht ar an sprioc sin 20% ná aon sprioc thar oíche. Feicimid é sin ó na córais earcaíochta atá ann faoi láthair, ach tá sé soiléir go bhfuil daoine ann cheana féin agus go bhféadfar roinnt den sprioc sin a bhaint amach tapaigh go leor. Tuigim ón méid a dúirt an finné mar gheall ar daoine atá ar scoil faoi láthair gur glúin a bhfuil á úsáid aige mar slat tomhais in ionad blianta. Sin céim mór, mar bheadh daoine ag lorg na háiseanna agus ag iarraidh a bheith ábalta plé le Ranna inniu agus amárach agus thar na blianta romhainn. An bhfuil aon tuairim ag an bhfinné ar an líon daoine atá amuigh ann, má bheimís ábalta tosnú ag 3% nó 4% láithreach, nó an bhfuil aon tuairim faoi sin ag na finnéíthe?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.