Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 6 March 2018

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Scéim Ghinearálta Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2017: Plé

5:00 pm

Mr. Dónal Ó hAiniféin:

Aithnímid go léir go bhfuil deacrachtaí ann faoi láthair, agus ní féidir an céatadán sin a bhaint amach le slaitín draíochta. Níl sé sin chun tarlú, ach caithfimid céimeanna ar leith a bheith aitheanta ar an mbóthar chuige sin. Tá sé go breá sprioc a bheith againn agus é sin a chaitheamh amach ansin, ach tá an baol an-láidir ann nach n-éireoidh linn dul chun cinn a dhéanamh sa treo sin in aon chur mura bhfuil spriocanna réadúla céimnithe againn chun dul sa treo sin le go mbeadh a fhios againn go bhfuil ag éirí linn nó nach bhfuil ag éirí linn.

Comhthreomhar leis sin tá sé rí-thábhachtach go ndéanfaí an fhorbairt a bhí luaite agam maidir le earnáil na Gaeltachta, earnáil an Ghaeloideachais, an réamhscolaíocht, an bunscolaíocht agus an iar bhunscolaíocht, le cinntiú go bhfuil an tobar as a bhfuilimid ag tarraic ag méadú agus go bhfuil sé ag éirí níos doimhne seachas a bheith ag éirí níos éadoimhne mar atá cúrsaí faoi láthair. Má táimid réalaíoch faoin sprioc sin a bheith á baint amach againn, is gá don dá ghníomh tarlúint go comhthreomhar lena chéile.

Má bhreathnaímid chun cinn deich mbliana agus má bhímid ag smaoineamh ar dhaltaí atá a hocht nó a naoi nó a deich ins na scoileanna faoi láthair, a bheidh ag teacht amach agus iad 18, 19 agus 20, iad ag críochnú san ollscoil agus ag fáil postanna agus mairtheana síos an bóthar, is ga dúinn féachaint ar thréimhsí ama mar sin leis an sprioc sin a bhaint amach mar ní éireoidh linn an sprioc sin a bhaint amach i dtréimhsí níos giorra ná sin. B'fhearr i bhfad go mbeimís réalaíoch agus go mbeimís dáiríre faoi na spriocanna atá á leagadh amach, seachas sprioc a leagadh amach atá do-dhéanta.

Is doigh liomsa gur féidir 20% a bhaint amach. Ní doigh liom gur féidir é a bhaint amach laistigh de bhliain nó dhó nó trí, ach is féidir é a bhaint amach laistigh de thréimhse níos faide ná sin má táimid dáiríre faoi. Má táimid chun seirbhísí a sholáthar agus má táimid chun éalú ó na pleananna agus mar sin de, is gá go n-aontódh daoine anois nár oibrigh siad agus sinn ag plé le Ranna éagsúla agus mar sin de agus go mbeadh bunseirbhísí ar fáil, trí mheán na Gaeilge, ag saoránaigh ach iad a iarraidh agus iad a lorg.

An obair mhaith atá déanta ag oifig an choimisinéara ná go bhfuil a fhios ag daoine anois go bhfuil an ceart acu na seirbhísí a éileamh. Tá a fhios ag daoine go bhfuil an ceart acu seirbhísí a éileamh ó dhreamanna éagsúla trí mheán na Gaeilge. An deachracht atá ann anois ná deimhniú go bhfuil dóthain daoine ins na seirbhísí éagsúla chun freastal ar lucht na Gaeltachta agus lucht na Gaeilge gur mian leo seirbhís a bheith acu trí mheán na Gaeilge, agus gan iad a bheith ag mothú achrannach agus amaideach de bharr iad a bheith ag iarraidh a saol a chaitheamh trí mheán na Gaeilge.