Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 23 January 2018

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Úsáid na Gaeilge i dTithe an Oireachtais: Ard Rúnaí, Seirbhís Thithe an Oireachtais

5:00 pm

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Ritheann sé liom agus muid i mbun díospóireachta anseo go bhfuilfimid anseo ag caint trí Bhéarla don chuid is mó den chruinniú anois. Níl mé ag cur lochta ar aon duine. Tá mé ag streachailt leis an nGaeilge mé féin. Tá éacht déanta ag na finnéithe inniu. Tá ceist curtha ag an Teachta Muimhneacháin faoin gcóras bealach-amháin atá againn. Leis an mbealach sin, táimid anois faoi bhrú níos mó Béarla a labhairt ar Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileáin, mar níl an córas ag dul ach i dtreo amháin. Táim ag éisteacht anois. Bhain mé úsáid roimhe seo as an bhfocal "ósréalaíoch" nuair a tháinig an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe os ár gcomhair. Táim ag éisteacht now le Béarla. Tá orm é a aistriú, dul ar ais i nGaeilge agus tá ar an bhfinné na cluasáin a chur air féin agus ansin tá sé ag caint liom i mBéarla. Tá an córas thar a bheith amscaí. B'fhéidir gurb é seo an focal is fearr. Tá sé deacair domsa mar Chathaoirleach agus táim in ainm Gaeilge a bheith agam. Tá sé deacair.