Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 23 January 2018

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Úsáid na Gaeilge i dTithe an Oireachtais: Ard Rúnaí, Seirbhís Thithe an Oireachtais

5:00 pm

Mr. Vivian Uíbh Eachach:

An bhféadfainn díreach é sin a mhíniú? Is é an prionsabal atá laistiar den aistriúchán comhuaineach nó an ateangaireacht ná go raibh Comhaltaí míshásta go rabhadar ag tabhairt aithisc sna Tithe trí mheán na Gaeilge agus nár tuairiscíodh iad ar na meáin chumarsáide mar nár thuig na hiriseoirí iad. Bhí fadhbanna ansin ó thaobh go dtuigfeadh Comhaltaí eile iad. Is mar áis dóibh siúd ar mhian leo Gaeilge a labhairt sna Tithe a tugadh an córas isteach chun nach mbeidís siúd faoi mhíbhuntáiste ó thaobh nach dtuigfí iad sa Seomra, nó nach dtuigfí agus nach dtuairisceofaí a gcuid cainte ar na meáin chumarsáide. Sin an prionsabal atá i gceist. Tá cuspóir praiticiúil leis sin, is é sin, má roghnaíonn Comhalta an Ghaeilge a úsáid, go dtuigfidh gach duine é nó í tríd an gcóras agus go mbeidh tuairisc ar an méid a deir sé nó sí. Sin an prionsabal atá laistiar dó. Ní hé díreach gur ateangaireacht ar son na hateangaireachta atá i gceist. Tá cuspóir i gceist.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.