Oireachtas Joint and Select Committees
Tuesday, 21 November 2017
Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands
Seirbhísí Dátheangacha: An Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe
5:00 pm
Catherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Ní thuigim é sin. Is coiste Gaeilge é seo. Mar atá ráite agam, táimid ag caint faoin ról tábhachtach atá ag an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe ó thaobh an Ghaeilge a chur chun cinn sna Ranna go léir. Nílim chun é sin a rá arís. Gabhaim buíochas leis na h-oifigigh a bhí i láthair. Ní raibh sé éasca dóibh ná dúinn an cruinniú a láimhseáil sa chaoi seo. Lé cúnamh Dé, tá tús curtha le próiseas nua inniu. B'fhéidir go dtosóidh díospóireacht ionraic freisin maidir leis an nGaeilge agus an caoi inar féidir linn obair as lámha a chéile chun an nGaeilge a chur chun cinn.