Oireachtas Joint and Select Committees
Tuesday, 21 November 2017
Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands
Seirbhísí Dátheangacha: An Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe
5:00 pm
Catherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Ní mór dom a rá nach bhfuil mé sásta go bhfuil daoine ag úsáid an Béarla ag an gcoiste Gaeilge. Tá a fhios againn go bhfuil an Ghaeilge fao bhrú ar chuile leibhéal. Anois tá comhchoiste na Gaeilge ag díriú isteach ar Bhéarla arís. Iarraim ar na finnéithe rud amháin eile a shoiléiriú maidir le daoine atá fostaithe. An gcuireann an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí an cheist maidir le cumas sa Ghaeilge le linn an agallaimh nó tar éis an phróisis nuair atá na daoine fostaithe?