Oireachtas Joint and Select Committees
Tuesday, 21 November 2017
Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands
Seirbhísí Dátheangacha: An Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe
5:00 pm
Trevor Ó Clochartaigh (Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Tá dhá phointe le críochnú agam. Tá na finnéithe ag rá nach bhfuil an t-éileamh ó na Ranna Stáit an-mhór. B'fhéidir go bhfuil cuid mhaith den locht ar na Ranna Stáit chomh maith céanna. Ó thaobh an taighde a rinneamar, ó 2011 go 2017, níor iarradh ach go líonfaí 48 post le daoine a bheadh ina nGaeilgeoirí líofa. An bhfuil na figiúirí sin cruinn ó thaobh na figiúirí atá ag an Roinn féin? Ó 2011 go 2017, cé mhéad iarratais ar phoist do dhaoine a bheadh inniúil sa Ghaeilge a iarradh ar an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe a líonadh ó na Ranna ar fad? An aontaíonn na finnéithe go bunúsach leis na figiúirí sin agus nár iarradh ach go gcuirfí 48 duine le Gaeilge ar fáil i ngach Roinn Stáit? Níl ansin ach cúpla Roinn.