Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 21 November 2017

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Seirbhísí Dátheangacha: An Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe

5:00 pm

Photo of Brian Ó DomhnaillBrian Ó Domhnaill (Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá, go pointe. Ó thaobh an ról iomlán atá ag an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe, tá ról monatóireachta ag an Roinn maidir le caiteachas poiblí agus na seirbhísí atá ar fáil. Ceann de na seirbhísí sin atá bunaithe sa reachtaíocht ná go mbeadh seirbhís trí Ghaeilge ar fáil. Nuair nach bhfuil na Ranna Stáit in ann an tseirbhís sin a chur ar fáil, is ceist é sin go sonrach don Roinn. Táim cinnte go bhfuil díomá ar an Roinn nach bhfuil ach 1.6% den fhoireann oibre sa Státchóras in ann seirbhís a sholáthar trí mheán na Gaeilge. An bhfuil an ceart agam?