Oireachtas Joint and Select Committees
Tuesday, 21 November 2017
Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands
Seirbhísí Dátheangacha: An Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe
5:00 pm
Aindrias Moynihan (Cork North West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Ní dúirt. Is é an rud atá i gceist agam ná go bhfuil sé soiléir ón bpointe a rinneadh níos túisce nach bhfuil an t-éileamh atá ann á thomhais i gceart. Braithimid nach bhfuil sé á thomhas i gceart. Tá daoine ann a theastaíonn uathu a ngnó a dhéanamh trí Ghaolainn ach nach ndéanann é mar nach féidir leo. Níl an t-eolas sin ag an Roinn, áfach. Muna raibh ach ríomhphost amháin agus b'fhéidir glaoch amháin anuraidh, tá sé soiléir nach bhfuil an Roinn ag feiscint ar an éileamh atá ann. Conas atá an Roinn chun dul i ngleic leis an mbearna eolais sin?