Oireachtas Joint and Select Committees
Tuesday, 21 November 2017
Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands
Seirbhísí Dátheangacha: An Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe
5:00 pm
Aindrias Moynihan (Cork North West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Ciallaíonn sé sin nach mbeidh an 20% á bhaint amach ar feadh i bhfad i bhfad. Braithim nach bhfuil an Roinn ag díriú ar na daoine sin a fháil anois agus roimh bhrú a bheith ann. Tuigim go bhfuil an Roinn ag díriú ar dreamanna atá ag teacht trí na coláistí agus mar sin de ach ní bhraithim go bhfuil an dea-thoil nó an fuinneamh ann chun dul amach agus na daoine a n-earcú chun a fháil níos congaraí don 20% sin. Ceartaigh mé má tá mé mícheart.