Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 21 November 2017

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Seirbhísí Dátheangacha: An Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe

5:00 pm

Photo of Aindrias MoynihanAindrias Moynihan (Cork North West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Gabhaim buíochas leis na finnéithe as an eolas agus na freagraí. Tá an-chuid de na ceisteanna curtha cheana féin ach teastaíonn uaim díriú isteach ar cheannteideal 9 den Bhille maidir leis an 20% d'earcaigh nua. Ar an gcéad dul síos, cén dul chun cinn atá déanta ag an Roinn maidir leis sin? An bhfuil sí tosnaithe ar an 20% a bhaint amach nó an bhfuil sí ag feitheamh ar feadh tréimhse éigin chun é a thosnú? Feicim na figiúir a luaigh Mr. Ó Caigne cheana féin. Bhíodar íseal go leor - thart ar 2%. Mar sin, an bheadh an Roinn ag dul i ngleic leis an sprioc sin i gcomhar an 20%?

Cúpla nóiméad ó shin ina fhreagra deireanach luaigh an finné traenáil Gaolainne. Is é mo thuiscint go bhfuil an Roinn ag tabhairt tacaíocht do dhaoine maidir le traenáil Gaolainne. Is dócha go gceartóidh an finné mé má tá an míniú mícheart agam air, ach an é sin le rá go bhfuil daoine a earcú gan Ghaolainn i gcomhar postanna ina bhfuil an Gaolainn riachtanach? An é sin an scéal? An earcaítear iad agus an gcuirtear iad ar chúrsaí ina dhiadh? An bhfuil míthuiscint agam ansin? B'fhéidir go bhféadfadh Mr. Ó Caigne é sin a shoiléiriú.

Rinneadh an pointe mar gheall ar an slat tomhais go láidir. Tá sé soiléir anois nach bhfuil slat tomhais ann. Conas atá an Roinn chun dul i ngleic leis sin? Cén sórt tomhais atá in aigne a dhéanamh? Conas a dhéileáfaidh an Roinn leis an deacracht sin nuair nach bhfuil aon slat tomhais ann?