Oireachtas Joint and Select Committees
Tuesday, 21 November 2017
Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands
Seirbhísí Dátheangacha: An Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe
5:00 pm
Catherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Tá freagra faighte againn go bhfuil an t-éileamh thar a bheith íseal agus ní bhfuair an Roinn ach ceist nó dhó laistigh de bhliain. Tá sé soiléirithe ag an bhfinné. B'fhéidir nach bhfuil muid sásta leis an bhfreagra ach tá sé ráite go bhfuil an t-éileamh thar a bheith íseal. Chuir an Teachta ceist iontach faoin mbealach ina thomhaiseann an Roinn an t-éileamh agus ní raibh na finnéithe in ann é a fhreagairt.