Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 21 November 2017

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Seirbhísí Dátheangacha: An Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe

5:00 pm

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Cén chaoi a dhéanann an Roinn monatóireacht ar éileamh? Ní smaoineoinn go brách glaoch a chur ar an Roinn agus mo chuid ama a chur amú ag iarraidh labhairt i nGaeilge le bunáit na ndaoine atá aici. Cén fáth go m'bfhiú? Ach an oiread le Comhairle Contae na Gaillimhe. Glaotar agus deirtear "an bhfuil tú ar iarraidh seirbhís i nGaeilge nó trí Bhéarla". Brútar an cnaipe don Ghaeilge agus deirtear nach bhfuil duine le Gaeilge ann, agus ba chóir glaoch ar ais amárach, fiú má táthar ag iarraidh freagra inniu.