Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 21 November 2017

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Seirbhísí Dátheangacha: An Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe

5:00 pm

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá mé ag iarraidh rud a mhíniú mar tá súil agam go mbeidh na finnéithe ag foghlaim anseo inniu agus go dtabharfaidh siad cuid den rud seo ar ais leo. Cloisimid an t-am ar fad an tseadráil nach bhfuil aon éileamh ar an nGaeilge. Níl aon éileamh uirthi because cén fáth a mbacfadh daoine? Cén fáth a chuirfeadh duine a chuid anáile amú ag cur oilc ar dhaoine nuair atá Béarla ag an gcéad duine agus nach bhfuil Gaeilge ag an gceann eile? Geallaim do na finnéithe, agus déarfainn go mbeadh an taithí céanna ag an mbeirt eile i mo Dháilcheantar, nuair atá seirbhís dhátheangach ar fáil tá go leor éileamh ann ar sheirbhísí trí Ghaeilge. Tá éileamh ann i m'oifig, mar shampla, mar tá a fhios ag daoine go maith gurb í an Ghaeilge an lingua francaansin. Níl aon fhadhb ag na Béarlóirí. Úsáideann siad Béarla agus úsáideann muid Béarla ar ais. Ceapaim go bhfuil sé tábhachtach an pointe sin a dhéanamh. Is é an chéad leithscéal atá ag an Státchóras i gcónaí ná nach bhfuil aon éileamh.

An bhfuil aon staidéar déanta ag an Roinn ar an gcleachtas i dtíortha eile a bhfuil dhá teanga oifigiúla acu? Mar shampla, cén staidéar atá déanta aici ar an gcleachtas i gCeanada nó fiú sa mBreatain Beag ó thaobh earcaíochta de, agus go mórmhór ó thaobh caighdeán de? An bhfuil na caighdeáin sin neamhspleách ón gcóras? De réir mar a thuig mé an finné, dúirt sé go bhfuil an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí tar éis caighdeán dá cuid féin a leagan síos. An bhfuil aon dream neamhspleách ag déanamh monatóireachta air sin le cinntiú go mbeidh na daoine seo in ann oibriú chomh héasca i nGaeilge agus atá siad in ann i mBéarla? Mura mbeidh níl aon mhaith ann.

I gcomhthéacs Cheanada, bhí sé spéisiúil go raibh na postanna rangaithe i trí rannóg - na poist ina dteastódh caighdeán an chainteora dúchais ó iarrthóirí; na poist nach mbeadh an líofacht sin ag teastáil uathu; agus poist, mar shampla, doirseoirí agus mar sin de, ina dteastódh bunleibhéal na Frainicise. An bhfuil sé i gceist ag an Roinn aon rud mar sin a thabhairt isteach? Nuair a thosóidh an Roinn ag earcú daoine le Gaeilge, an mbeidh sí ag súil go mbeidh na daoine sin sáinnithe i jabanna ina mbeadh an Ghaeilge riachtanach nó an mbeidh siad in ann bogadh anonn is anall sa Státseirbhís? An mbeidh siad in ann dul isteach ar jabanna le riachtanas Gaeilge agus jabanna gan riachtanas Gaeilge le buntaiste a bhaint as arduithe céime? Mura ndéanfar é sin beidh míbhuntaiste ann don Ghaeilgeoir a thiocfadh isteach sa tseirbhís poiblí.

Is í seo mo cheist dheireanach mar tá i bhfad an iomarca anseo le socrú inniu. An bhfuil sé i gceist ag an Roinn plécháipéis shonrach a fhoilsiú i dtaobh na ceisteanna earcaíochta seo, ina mbeidh leagan amach sonrach mion ar a bhfuil i gceist aici? An mbeidh comhairliúcháin leis an bpobal agus leis an gcoiste seo maidir leis an gceist seo? Mar a dúirt mé, an rud atá caite, tá sé caite. Táimid ag caint faoin todchaí. Ní chreidim nach bhfuil na daoine ann le fostú, mar tá an oiread sin daoine ag teacht as Gaelscoileanna. Caithfidh an caighdeán a bheith ceart. Ní úsáidtear an tseirbhís má tá sé den dara grád.

Ba mhaith liom mo leithscéal a dhéanamh ach caithfidh mé fágáil. Tá mé ag dul amach go mBaile Munna. Tá gnóthaí le déanamh le scoil lán-Gaelach amuigh anseo trathnóna inniu. Bhí sé beartaithe an tseachtain seo caite.