Oireachtas Joint and Select Committees
Tuesday, 21 November 2017
Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands
Seirbhísí Dátheangacha: An Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe
5:00 pm
Catherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
De réir mar a thuigim, tá sé de dhualgas uirthi monatóireacht a dhéanamh ar chúrsaí Gaeilge sa Roinn. An bhfuil aon oifigeach ar leith sa Roinn nó san oifig a bhfuil sé de dhualgas go sonrach air nó uirthi an monatóireacht seo a eagrú agus tuarascálacha rialta a dhéanamh? An bhfuil an tUasal Ó Caigne ag rá nach bhfuil Gaeilge ag an mbean sin?