Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 7 November 2017

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Scéim Ghinearálta Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2017

5:00 pm

Dr. Aodhán Mac Cormaic:

Ní mhaith liom dáta a chur air. Táimid tosaithe cheana féin le feachtas postaer agus le feachtas leis na scoileanna. Táimid ag obair leis an dream atá i gceannas ar careersportal.ie. Úsáideann múinteoirí gairmthreoracha an suíomh seo. Táimid ag obair leis an suíomh seo agus ag cur suas stuif maidir leis na poist san earnáil phoiblí a bhfuil Gaeilge riachtanach lena n-aghaidh. Tá sé sin tosaithe cheana féin le mic léinn dara leibhéal. Táimid ag déanamh go leor oibre ag an tríú leibhéal freisin. Go háirithe, táimid faoi láthair ag díriú ar na poist san Eoraip. Tá thart ar 185 post d'ardchaighdeán ansin a bheidh le líonadh idir seo agus deireadh 2021. Tá cuid acu líonta cheana féin. Is dúshlán é mar gheall ar na scileanna teicniúla atá i gceist. Táimid ag caint faoi dhlítheangeolaithe agus aistritheoirí go príomha. Bheadh máistreachtaí déanta ag na daoine seo agus Gaeilge acu freisin. Mar a dúirt mé níos túisce, níl siad ag titim ó na crainn agus is dúshlán atá ann. Ó thaobh na hearnála tríú leibhéal, táimid ag díriú ar na poist sin san Eoraip go príomha ag an bpointe seo. Tá súil agam go bhfreagraíonn sé sin ceisteanna an Teachta.