Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 7 November 2017

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Scéim Ghinearálta Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2017

5:00 pm

Photo of Fergus O'DowdFergus O'Dowd (Louth, Fine Gael) | Oireachtas source

Molaim an méid atá ráite agus an obair atá déanta go dtí seo. Is dócha go bhfuilimid go léir ar comhaigne gur rud maith é an Bille seo. Tá cúpla rud le rá agam. Ba chóir go mbeadh an Béarla agus an Ghaeilge comhionann lena chéile ar chomharthaí bóithre ach, nuair a bhíonn duine ag féachaint orthu, níl an Ghaeilge ró-soiléir. Sin mar atá domsa ar aon nós. When there is an obligation to have rudaí dátheangach, they should be the same size font agus gan difríocht. Mar a fheicimse é, níl sé soiléir go bhfuil an bhéim ar an nGaolainn chomh maith agus is chóir. Sin mo thuairim phearsanta. B'fhéidir go bhfuil rud bun os cionn le mo spéaclaí ach sin a deirimse.

Labhair an Seanadóir faoi cháilíochtaí chun Gaolainn a labhairt agus an leibhéal atá ag teastáil. Níl éinne ag rá gur chóir go mbeadh PhD sa Ghaeilge ag duine. Ba chóir dúinn seans a thabhairt do dhaoine nach bhfuil an Ghaeilge ró-mhaith acu obair a dhéanamh trí Ghaeilge agus a bheith ag déileáil leis an bpobal. Tuigim nach bhfuil aon duine ag rá nach chóir é sin a dhéanamh. Baineann sé seo le daoine - an custaiméir agus an Státseirbhíseach - a mhealladh chun Gaolainn a úsáid. Má tá Gaolainn ag duine agus, b'fhéidir, canúint Mhuimhneach aige, uaireanta ní thuigeann sé na canúintí eile. Caithfidh an Roinn féachaint air sin. Bhí Gaeilge na Mumhan ag mo athair. Na blianta fada ó shin, bhí cúrsaí cánach á phlé aige le bean in oifigí na gCoimisinéirí Ioncaim. Bhí Gaolainn Dhún na nGall aici agus Gaolainn na Mumhan ag mo athair agus níor thuig ceachtar acu cad a bhíodar ag rá ach ní raibh aon duine den bheirt acu an Béarla a labhairt. Lean an rud ar aghaidh ar feadh tamaill agus ní raibh aon fhreagra fiúntach air. Caithfidh béim a chur ar na canúintí agus go mbeadh eolas éigin ag daoine ar na canúintí eile, go mórmhór nuair nach bhfuil mórán Gaeilge acu. Cabhródh sé sin le labhairt na Gaeilge.

Aontaím gur chóir go mbeadh comhlachtaí príobháideacha ag úsáid Gaeilge, más féidir. Ag an am céanna, dúirt Banc na hÉireann go raibh sé chun deireadh a chur leis an rogha Ghaeilge ag an ATM toisc nach raibh aon duine á húsáid. Níl a fhios agam cad a tharla ó shin ach dúradh nach raibh ach b'fhéidir 1% nó 2% de na daoine a bhí ag úsáid na hATManna ag baint úsáid as an rogha Ghaeilge. Níl aon mhaitheas rialacha agus dlíthe a bheith ann muna bhfuil an Ghaeilge féin á labhairt nó á úsáid. Aontaím leis an méid atá ráite ó thaobh na Roinne Oideachais agus Scileanna chun cabhrú le Gaolainn a mhúineadh i slí níos fearr nó níos simplí agus níos mó béime a chur ar labhairt na Gaeilge.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.