Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 7 November 2017

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Scéim Ghinearálta Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2017

5:00 pm

Dr. Aodhán Mac Cormaic:

Maidir leis na hainmneacha Gaeilge agus go mbeadh cead ag daoine ainmneacha Gaeilge a úsáid, bhíomar ag obair leis an rannán sa Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe a bhíonn ag plé le cúrsaí ríomhaireachta agus a leithéid ar son an Stáit. Bhíomar ag plé leis an rannán seo faoin chóras IT atá ag na heagraíochtaí Stáit a chur in oiriúint do hainmneacha Gaeilge. Mar is eol dúinn uilig, go hiondúil bíonn ár gcuid ainmneacha i nGaeilge níos faide. Bíonn rudaí den tsaghas sin ann. Tá ceann de na ceannteidil sa Bhille dírithe ar chórais a chur in oiriúint le haghaidh ainmneacha Gaeilge. Is rud difriúil uilig go mbeadh duine éigin a bhí ag baint úsáid as leagan Béarla dá ainm ar feadh na mblianta ag teacht isteach ón tsráid agus a rá go bhfuil siad ag iarraidh úsáid a bhaint as an leagan Gaeilge. Tá deacrachtaí ansin ó thaobh chúrsaí slándála agus mar sin de. Tá a córas féin ag gach eagraíocht agus aontaím leis an Teachta go mbeadh sé go deas dá mbeadh an córas céanna ag gach dream, mar shampla, Oifig na bPasanna nó an Roinn Gnóthaí Fostaíochta agus Coimirce Sóisialaí. Níl mise chun dul i ngleic leis sin mar is ceist difriúil é seachas ceist teanga. Is ceist slándála é sin agus tá mé ag ceapadh nach bhfeilleadh an cheist áirithe sin don Bhille seo.

Maidir le Billí agus polasaithe an Stáit profáilte le haghaidh cúrsaí teanga, mar státseirbhíseach bím i gcónaí in amhras faoi na rudaí sin. Feicimid go leor den stuif agus chuamar tríd go leor pleananna forbartha náisiúnta. Feictear poverty proofing, rural proofing agus chuile saghas proofing ann ach, ag deireadh an lae, bíonn siad fágtha ag bun an liosta. Níl mé ag rá go dtarlaíonn sé seo i gcónaí ach go leor den am bíonn an claonadh ar an tseirbhís phoiblí an bosca a ticeáil nach bhfuil aon impleachtaí ansin. Tá sé feicthe againn uilig. Sin an fáth go bhfuil mé cineál amhrasach faoin rud seo. Tá sé iontach a bheith in ann a rá go bhfuilimid ag déanamh cineál profáil i dtaobh teanga ar reachtaíocht agus polasaithe, ach bíonn an claonadh sin ann. Ní dhéarfainn go bhfuil sé chomh tábhachtach sa mhéad is go shílfear.

Luaigh an Teachta comhlachtaí príobháideacha ar nós na bainc agus iad sin a fháil isteach faoin reachtaíocht. Mar a luaigh mé leis an Seanadóir Ó Clochartaigh, táimid ag breathnú ar bhealaí le haghaidh comhlachtaí a bhfuil conarthaí Stáit acu a fháil isteach faoin Acht. Tá conarthaí ag an Roinn seo againne, mar shampla, seirbhísí farantóireachta agus seirbhísí aeir ar chósta an iarthair. Mar gheall go bhfuil an teanga ar an radar seo againne sa Roinn, níor theastaigh Acht teanga le haghaidh stuif a chur isteach sna conarthaí le go leor de na comhlachtaí sin. Tá coinníollacha curtha isteach sna conarthaí sin faoi sheirbhísí i nGaeilge a chur ar fáil do na custaiméirí. Leath de na hoileáin sin, is oileáin Gaeltachta iad. Mar sin, leag muide síos sna conarthaí seo go gcaithfidh siad a bheith in ann seirbhísí a chur ar fáil trí mheán na Gaeilge. De réir mar a chuirfimid le líon na ndaoine le Gaeilge sa Státchóras, tiocfaidh an Ghaeilge ar an radar níos mó nuair a bheidh conarthaí Stáit á mbronnadh agus cáipéisí tairisceana á ndréachtú. Beidh daoine ag labhairt faoi ceisteanna teanga sna conarthaí sin. Tiocfaidh sé sin in imeacht ama. Má oibríonn an rud atá beartaithe againne amach i gceart, tiocfaidh sé sin in imeacht ama.