Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 7 November 2017

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Scéim Ghinearálta Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2017

5:00 pm

Photo of Peadar TóibínPeadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein) | Oireachtas source

Is lá maith é seo. Is é sin an chéad rud. Is iontach an rud go bhfuil muid ag tosnú ar an mbóthar sin. Tá fíor-dheis againn ré nua a chruthú mar gheall ar an nGaeilge agus mar gheall ar an nGaeltacht.

I ndáiríre, braitheann sé ar na sonraí freisin. Is féidir linn rogha idir dhá Bhille a dhéanamh: Bille atá láidir nó Bille atá lag. Tá an deis sin os ár gcomhair.

Labhair an Seanadóir Ó Clochartaigh faoin méid a thit amach i Ros an Mhíl agus cuireadh sé mearbhall agus fearg ar dhuine. Sin eagraíocht Stáit ag déanamh neamhaird iomlán arís is arís eile ar an nGaeltacht agus ar an nGaeilge agus ar a dualgais freisin. Ní thuigeann eagraíochtaí Stáit an rud atá ann. Tá taithí agamsa ar an OPW, ar an Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige, ar líne gutháin na gCoimisinéirí Ioncaim agus ar cúram baile an HSE. Tá na heagraíochtaí Stáit sa tír seo ag déanamh neamhaird arís is arís eile ar an nGaeilge agus tá siad ag déanamh dochar don teanga, ach tá deis againn é seo a dheisiú. Ba cheart go mbeadh cairéad agus bata sa Bhille seo. Tá cabhair de dhíth ag eagraíochtaí a ndualgais a chomhlíonadh, ach caithfidh go mbeadh a fhios acu go mbeidh bata éigin ann, mar shampla, fíneáil, má sháraíonn siad a ndualgais.

Má chuirfimis na rudaí i bhfeidhm i gceart, ní bheidh costas mór ag baint leis seo ar chor ar bith. Ní bheidh costas mór ann do na heagraíochtaí a ndualgais earcaíochta a chomhlíonadh. Chun é seo a dhéanamh, áfach, ba cheart don chóras oideachais cabhrú leis. Ba cheart don Aire Oideachais agus Scileanna agus a Roinn a bheith ag obair leis an Roinn seo chun gach ceann de na céimeanna a chur i bhfeidhm ag an am ceart ionas go dtiocfaimid go dtí an sprioc atá againn.

Maidir leis na mionsonraí, tá go leor daoine ag teacht chugam agus tá siad ag dul go dtí an Coimisinéir Teanga freisin ag iarraidh a n-ainmneacha iomlána a úsáid as Gaeilge. Tá a fhios agam go bhfuil an Bille seo ag iarraidh fíoraitheantas dlíthiúil a thabhairt dóibh siúd atá ag iarraidh a n-ainm Gaelach a úsáid. Is iontach an rud go bhfuil an nós sin i bhfad níos feiceálaí thart timpeall orainn anois ná mar a bhí nuair a bhí mise óg. Ní cheapaim go bhfuil córas simplí, éasca agus caighdéanach ann chun go mbeadh daoine in ann é a bhaint amach, áfach. Ceapaim go bhfuil ceann ag Oifig na bPasanna ach ba cheart go mbeadh caighdeán ann do na heagraíochtaí eile sa Stát. Ba cheart go mbeadh duine in ann cinneadh a dhéanamh agus go mbeadh a ainm aitheanta go hiomlán.

Ba cheart go mbeadh córas ann chun profáil a dhéanamh ar Billí nua atá ag teacht ón Rialtas agus ón bhFreasúra ó thaobh a ndualgais Ghaeilge a chomhlíónadh. Titfidh an rud amach as a chéile sa todhchaí má bhíonn reachtaíocht nua ann agus fós neamhaird déanta sa reachtaíocht sin ar an nGaeilge.

An mbeadh aon deis againn sa Bhille seo dualgais a chur ar eagraíochtaí príobháideacha ar nós na bainc atá ag feidhmiú le ceadúnas ón Stát? Nílim ag caint faoi dhualgais a bheadh mar an gcéanna le dualgais an Stáit ach, mar atá sa Bhreatain Bheag, go mbeadh dualgais orthu a gcuid seirbhísí a chur ar fáil i nGaeilge in áiteanna áirithe.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.