Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 7 November 2017

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Scéim Ghinearálta Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2017

5:00 pm

Dr. Aodhán Mac Cormaic:

Maidir leis an cheist faoin rud a tharla i Ros a' Mhíl, níl rud mar sin inghlactha. Bímid i gcónaí ag caint faoin deacracht a bhaineann le daoine le Gaeilge agus le scileanna arda ar nós dochtúirí, siceolaithe agus araile a fháil. Tá sé deacair ag an earnáil Stáit postanna le Gaeilge mar sin a líonadh sna ceantair Ghaeltachta. Maidir leis an bpost áirithe atá i gceist, tá cónaí orm agus ar an Seanadóir féin i gConamara, agus tá a fhios agam go bhfuil neart daoine le Gaeilge thart a bheadh in ann post ar nós an post i Ros a' Mhíl a chomhlíonadh. Caithfidh go mbeidh bealach níos fearr ann chun tabhairt faoin fhadhb sin a réiteach. Más buan mó chuimhne, bhí plé againn leis an gCoimisinéir Teanga agus bhreathnaigh muid ar bhealaí le tabhairt faoi sin. B'fhéidir gur bhféadfaí breathnú ar chonarthaí áirithe.

Bhí muid ag caint ag pointe amháin ar chonarthaí a bhaineann infheictheacht mhór leo, conarthaí ar nós ceann dublinbikes, cé gur comhlacht príobháideach é. Is léir go bhfuil tionchar mór ag an comhlacht sin agus go bhfuil sé le feiceáil ag chuile duine. Níl sé sásúil go mbeadh na rothair sin ag dul thart gan Ghaeilge orthu. Níl a fhios agam i ndairíre an bhfuil Gaeilge ar an tseirbhís toisc nár úsáidim é, ach is é sin an cineál rud go mbeadh muid in ann déileáil leis. Bheadh muid in ann teacht ar mheicníocht le conarthaí áirithe a aithint agus iad a chur san áireamh san Acht. Is é an freagra gearr atá ar cheist Ros a' Mhíl ná gur daoine le Gaeilge iad tromlach na ndaoine agus na gcustaiméirí a bhíonn ann. Ní bheadh sé sásúil dúinn mar Roinn go mbeadh ar daoine bheith ag plé leis an Stát i Ros a' Mhíl trí mheán an Bhéarla.