Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 7 November 2017

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Scéim Ghinearálta Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2017

5:00 pm

Photo of Trevor Ó ClochartaighTrevor Ó Clochartaigh (Sinn Fein) | Oireachtas source

Cuirim céad fáilte roimh na finnéithe. Táimid thar a bheith sásta go bhfuil muid ag an staid seo agus go bhfuil muid ag plé an Bille seo. Ceapaim go nglacann chuile duine ar an gcoiste seo leis go bhfuilimid ag iarraidh brú ar aghaidh leis an reachtaíocht chomh sciobtha agus is féidir. Aithnímid chomh maith céanna, ó bheith ag caint leis an gCoimisinéir Teanga agus le heagraíochtaí Gaeilge, go bhfuil deacrachtaí ollmhóra le cur i bhfeidhm an Achta mar atá. Maidir le ceist atá sna meáin arís inniu, bhí an Coimisinéir Teanga ag caint ar maidin maidir le comhlachtaí a chuireann seirbhísí ar fáil i gceantair Gaeltachta ar son Ranna Stáit nó comhlachtaí Stáit. An bhfuil sé i gceist go mbeidh sé sin clúdaithe i bhforálacha an Bhille nua? Mar shampla, má tá an Roinn Sláinte ag úsáid comhlacht príobháideach le seirbhísí sa nGaeltacht a sholáthar ar a son, an mbeidh sé sin clúdaithe faoin Acht nua?

Is é an taithí atá againn ná go bhfuil cuid mhaith de na Ranna Stáit an-dona ó thaobh seirbhísí Gaeilge agus mar sin de, de réir na tuairiscí bliantiúla a chuireann an Comisinéir Teanga amach. Ó thaobh na comhráite atá ar bun leis an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe, an bhfuil na finnéithe dóchasach go bhfuil an Roinn tiomanta agus dairíre maidir leis an Acht nua seo, go háirithe ó thaobh na spriocanna dúshlánacha i leith earcaíocht? Caithfidh sí bheith lán taobh thiar dóibh siúd. Le bheith fírinneach, bhí an Roinn an-dona ó thaobh cur i bhfeidhm an scéim teanga a bhí aici féin. Bhí drochthaithí ag an gComisinéir Teanga léi de réir mar a thuigim. Bheadh sé sin tábhachtach.

Ó thaobh na rialachán, bhí Dr. Mac Cormaic ag caint ar rangú comhlachtaí. Cén chaoi a shamhlaíonn na finnéithe a tharlóidh an rangú sin? Cén rangú a bheidh i gceist? An mbeidh catagóir A, B agus C ar nós na catagóirí Gaeltachta? Cén chaoi a ndéanfar briseadh síos air sin? Cén chaoi a roghnófar an ceann ina gcuirfear comhlacht faoi leith?

Tá caint ar earcaíocht sa Státseirbhís agus go mbeidh 20% de na daoine inti inniúil ar an nGaeilge agus in ann seirbhís a thabhairt tríthi. Cén caighdeán Gaeilge a mbeifear ag súil leis ón ndream seo? An mbeidh muid ag caint ar lucht na cúpla focal nó an mbeifear ag úsáid caighdeán ar nós Theastas Eorpach na Gaeilge, TEG, atá aitheanta ar fud na hEorpa? An gcaithfidh duine caighdeán TEG a bhaint amach sula nglacfar leis go bhfuil sé nó sí inniúil agus incháilithe ó thaobh Acht na dteangacha oifigiúla de? Má táimid ag caint ar 20% den Státseirbhís agus na comhlachtaí seo, cé mhéad duine a bheadh i gceist go garbh? Cathain a shamhlaíonn na finnéithe go tiocfaimid le 20%? Chonaic muid taithí an Thuaiscirt nuair a bhí comhionannas a chur i bhfeidhm sa gcóras poilíneachta. Leageadh tréimhse ama síos - sílim gur cúig bliana a bhí i gceist - le comhionannas a bhaint amach. Cén sórt scála ama a bheadh muid ag caint faoi ó thaobh an 20% seo a bhaint amach tar éis na cainteanna a bhí ag na finnéithe?

An bhfuil comhráite ar bun maidir le comhlachtaí príobháideacha sa Stáit? Tuigim go bhfuil méid áirithe oibre ar siúl ag coimisinéir teanga na Breataine Bige agus go bhfuil cumhachtaí áirithe aige le hiarraidh ar comhlachtaí príobháideacha an Bhreatnais a úsáid níos mó agus i mbealach i bhfád níos feiceálaí. An bhféadfaí sin a thabhairt san áireamh san Acht seo? Sílim go bhfuil go leor ceisteanna ansin agus go bhfuil cuid de na croícheisteanna san áireamh. Bheadh mé an-sásta na freagraí a chloisteáil.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.