Oireachtas Joint and Select Committees
Tuesday, 10 October 2017
Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands
Straitéis Óige don Ghaeltacht: Muintearas
5:00 pm
Ms Máirín Nic Fhionghuin:
Déanfaidh mé iarracht cúpla ceann de na ceisteanna sin a fhreagairt. B'fhéidir nach bhfuil na clubanna ar fad á reáchtáil go huile agus go hiomlán trí mheán na Gaeilge faoi láthair. Tá sé luaite againn i gcúpla áit sa phlean gnímh go gcaithfidh Muintearas stocaireacht a dhéanamh ar na clubanna sin le bheith cinnte go gcuireann siad na himeachtaí ar fad ar fáil trí mheán na Gaeilge. Mar a léiríodh i roinnt ceantair, ní hé nach bhfuil daoine toilteanach na seirbhísí sin a chur ar fáil trí mheán na Gaeilge ach nach bhfuil mórán daoine sna ceantair sin atá ábalta é a dhéanamh. Is gá breathnú ar an gceist seo ar bhealach difriúil ar fad agus b'fhéidir cabhair i bhfad níos praiticiúla a chur ar fáil dóibh. Is cinnte go bhfuilimid ábalta é sin a dhéanamh.
Mar fhreagra ar an gceist faoi chúrsaí airgid, is féidir liom a rá go bhfuil an maoiniú d'óige na Gaeltachta imfhálaithe. Tá an méid céanna ann le roinnt blianta anuas. Tagann sé isteach go sonrach le haghaidh cúrsaí óige.