Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 10 October 2017

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Straitéis Óige don Ghaeltacht: Muintearas

5:00 pm

Photo of Aindrias MoynihanAindrias Moynihan (Cork North West, Fianna Fail) | Oireachtas source

Gabhaim buíochas leis na finnéithe as an gcur i láthair atá déanta acu. Tá an-chuid eolais faighte againn ón suirbhé. Tá sé an-saibhir. Tógfaidh sé tamall maith é a chíoradh. Tá roinnt mhaith tarraingthe amach as sa díospoireacht seo cheana féin. Rith sé liom nuair a bhí na hábhair éagsúla á bplé go raibh plé an-chosúil againn le déanaí maidir le cúrsaí taistil, srl., atá ag cur as do dhaoine óga i gceantar Mhúscraí.

Tá na finnéithe tar éis díriú isteach ar cúpla ábhar, ar nós an éileamh atá ann ar scileanna beatha agus ar eolas i dtaobh oideachas agus cúrsaí sláinte, srl. An bhfuil daoine ag lorg rud éigin difriúil ón méid atá ar fáil tríd na scoileanna faoi láthair? Ar tharraing na scoileanna siar ar an gcineál seo seirbhísí nuair a déanadh na ciorruithe ar threoirchomhairliú? An bhfuil bearna le líonadh nach bhfuil á líonadh sna scoileanna? An bhfuil éileamh breise ann anois? An bhfuil ábhar difriúil in aigne ag na finnéithe? Iarraim orthu é seo a shoiléiriú.

Tuigim go bhfuil Muintearas maoinithe trí Údarás na Gaeltachta. An bhfuil buiséad imfhálaithe ag Muintearas i gcomhair cúrsaí óige? An roinneann Muintearas amach an carn airgid a thagann isteach ón údarás i measc na cúntóirí teanga agus na scéimeanna éagsúla, srl.? Tá mé ag lorg soiléiriú ar an gceist sin freisin.

Aontaím go mór leis an bplean i dtaobh na hionaid buaileadh isteach. Cuirfidh siad go mór leis an saol sóisialta agus le cúrsaí teanga. Is beagán airgid atá á éileamh le haghaidh na hionaid seo, i ndáiríre. Molaim go mór an smaoineamh seo. Ba chóir dúinn gach iarracht a dhéanamh dul sa tóir air.

De réir na sleamhnáin a thaispeáin Máirín Nic Fhionghuin dúinn, is dóigh le thart ar 40% de daoine óga go gcuirfeadh an scoil lena gcuid Gaeilge. Dúirt 16% dóibh go gcabhródh na hionaid buaileadh isteach. Dúirt grúpa ollmhór eile - 23% - go gcabhródh na clubanna lena bhfuil siad bainteach, ar nós clubanna Cumann Lúthchleas Gael, go mór leo sa chomhthéacs seo. An bhfuil aon phlean, nó aon phíosa den straitéis, chun díriú ar an ngrúpa mór sin agus comhoibriú leis na grúpaí eile?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.