Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 10 October 2017

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Straitéis Óige don Ghaeltacht: Muintearas

5:00 pm

Ms Iseult Ní Fhoighil:

Níl leabhar stair againn anois i nGaeilge. Tá ar an múinteoir leabhar Béarla a fháil agus chuile rud a aistriú. Tá orainn na nótaí staidéir a aistriú. Tá mé ar an bhfoireann díospóireachta faoi láthair. Nuair atá an díospóireacht i mBéarla, tá orainn taighde a dhéanamh agus ansin ár gcuid óráidí a scríobh. I gcás na díospóireachtaí Gaeilge, tá orainn taighde a dhéanamh, seachtain a chaitheamh á n-aistriú agus ansin ár gcuid óráidí a scríobh. Is pian é, go háirithe nuair nach bhfuil againn ach coicís le n-ullmhú don díospóireacht, go gcaithfear an chuid is mó den am a chaitheamh ag déanamh aistriúcháin.