Oireachtas Joint and Select Committees
Tuesday, 10 October 2017
Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands
Straitéis Óige don Ghaeltacht: Muintearas
5:00 pm
Mr. Dómhnall Ó Braonáin:
Tá mé díreach tar éis cuimhneamh ar sin freisin. Maidir le cúrsaí oideachais, níl na téacsleabhair le haghaidh na hábhair éagsúla atá á staidéar againn i nGaeilge ach amháin i gcás leath dóibh. Caithfidh ár múinteoirí a nótaí féin a chur le chéile do na hábhair sin, nó caithfimidne nótaí Béarla a thógáil agus iad a aistriú go Gaeilge, ionas go mbeimid in ann na scrúdaithe a dhéanamh trí mheán na Gaeilge, rud atá tábhachtach dúinn féin go pearsanta mar gheall go bhfuil bród againn as an nGaeilge.
No comments