Oireachtas Joint and Select Committees
Tuesday, 10 October 2017
Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands
Straitéis Óige don Ghaeltacht: Muintearas
5:00 pm
Mr. Dómhnall Ó Braonáin:
Sula n-imímid, tá an t-ábhar seo an-tábhachtach ach tá sé tábhachtach freisin daoine d'ár leithéid a thabhairt isteach sa gcóras pleanála uilig agus dul chun cinn a dhéanamh sa nGaeltacht. Má táimid chun na nGaeltachtaí a leathnú amach, tá sé an-tábhachtach an óige a thabhairt isteach toisc go mbeimid i bhfeighil ar an tír agus ag reachtáil na rudaí sin uilig i gceann deich mbliana nó 20 bliain. Ba mhaith linn féin áiseanna a bheith ann d'ár gcuid gasúr agus dá ngasúir siúd.