Oireachtas Joint and Select Committees
Tuesday, 10 October 2017
Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands
Straitéis Óige don Ghaeltacht: Muintearas
5:00 pm
Ms Iseult Ní Fhoighil:
Tá an rud céanna le rá agam. Lá éigin beidh muidne inár suí sna suíocháin sin. B'fhéidir nach mbeidh muid sa jab céanna go beacht. Tá súil agam go mbeidh. Tá sé tábhachtach go mbeidh an Ghaeilge fós ann agus go mbeidh muid in ann Gaeilge a labhairt nuair a beimid ansin. Tá sé tábhachtach go mbeidh daoine ina suí ansin le Gaeilge agus go mbeidh siad ag labhairt tríthi. Tá sé tábhachtach freisin go mbeidh comhráite ann le daoine atá ár n-aois anois, go leanfaimid ar aghaidh ag forbairt na Gaeilge agus ag fáil níos mó áiseanna agus rudaí maithe, agus go mbeidh muid ag cur béime ar tábhacht na Gaeilge don chéad generation eile.
No comments